Inlíon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard atá i gceist le hinlíon[1][2] ná úsáid theicneolaíocht an Idirlín chun córas inmheánach cumarsáide a chur ar fáil taobh istigh d'eagraíocht. Saothraíodh an coincheap ó lár na 1990idí. Is féidir na líonraí chuici a bheith nasctha leis an Idirlíon domhanda nó aonraithe uaidh. Córas inlín a ligeann naisc le heagraíochtaí seachtracha ar leith, is eislíon é sin.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “intranet — Aistriúchán Gaeilge ar intranet (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-07.
  2. “intranet” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-07.
  3. Hussey, Matt (2011). "Inlíon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 368.