XHTML

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
XHTML
Iarmhír comhadainm .xhtml
.xht
.xml
.html
.htm
Cineál meáin application/xhtml+xml
Forbartha ag Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda
Sórt formáid Teanga mharcála
Síolraithe ó XML, HTML
Formáid oscailte Is ea

Is teanga mharcála í an Teanga Inbhreisithe Mharcála Hipirtéacs, nó XHTML (gíorrúchán ar Extensible HyperText Markup Language), a úsaideann doimhneacht HTML ach a chloíonn le sintéis XML. Tar éis an leagan HTML 4.0, ní bheidh níos mó leaganacha ar fáil. Tá úsáid HTML ar leathanaigh Idirlín á athchur le XHTML, is é sin cáipéis HTML scríofa mar fheidhmchlár XML 1.0. Tá dhá leagan den XHTML ar fáil faoi láthair, 1.0 agus 1.1.

Is feidhmiúchán Teanga Chaighdeánach Mharcála Ghinearálaithe (SGML) í HTML, teanga mharcála an-solúbtha, is feidhmiúchán XML í an XHTML, fo-thacar níos sriantaí de SGML.

Bailíochtú cáipéisí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sampla XHTML

Le haghaidh bailíochtú cáipéise XHTML, is gá le heilimint ar a dtugtar DTD (Document Type DefinitionDocument Type Declaration) a chur isteach ag tús na cáipéise. Is iad na saghsanna DTD coitianta ná:

XHTML 1.0 Strict
<!DOCTYPE html PUBLIC "-//W3C//DTD XHTML 1.0 Strict//EN" "http://www.w3.org/TR/xhtml1/DTD/xhtml1-strict.dtd">
XHTML 1.0 Transitional
<!DOCTYPE html PUBLIC "-//W3C//DTD XHTML 1.0 Transitional//EN" "http://www.w3.org/TR/xhtml1/DTD/xhtml1-transitional.dtd">
XHTML 1.0 Frameset
<!DOCTYPE html PUBLIC "-//W3C//DTD XHTML 1.0 Frameset//EN" "http://www.w3.org/TR/xhtml1/DTD/xhtml1-frameset.dtd">
XHTML 1.1
<!DOCTYPE html PUBLIC "-//W3C//DTD XHTML 1.1//EN" "http://www.w3.org/TR/xhtml11/DTD/xhtml11.dtd">

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]