SGML

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sampla SGML

Is meititheanga agus caighdeán ISO í an Teanga Chaighdeánach Mharcála Ghinearálaithe (SGML .i. Standard Generalized Markup Language) chun teangacha marcála a chruthú. D'eascair SGML as an Teanga Mharcála Ghinearálaithe (GML) IBM a chuir Charles Goldfarb, Edward Mosher agus Raymond Lorie chun cinn sna 1960í.

Stair[athraigh | edit source]

Foilsíodh SGML sa bhliain 1986 mar oidhre teanga eile, GML (Generalized Markup Language), a chum Charles Goldfarb and cúpla duine eile. Bhí Goldfarb ina cheann tionscadail ag IBM (International Business Machines Corporation) ag an am. Tharraing GML clú air, agus d'fhág sé IBM agus chuaigh i mbun SGML.

Bhain na Comhphobail Eorpacha[1] feidhm as SGML mar chaighdeán a gcuid foilseachán de réir FORMEX (Formalized Exchange of Electronic Publications). Chum siad Mark-It, an chéad pharsálaí SGML nach raibh srianta de réir na sonraíochtaí ba dhéanaí de SGML.

Déanann SGML idirdhealú bunúsach idir comhdhéanamh loighciúil cáipéise (teidil, caibidlí, paragraif, léaráidí), rud a thaispeántar le marcálaithe, agus an nochtadh, rud atá taobh leis an gcineál foilseacháin atá i gceist (leabhar, iris, scáileán etc.) agus a chuirtear in iúl trí litreacha, trí ailíniú agus spásáil na bparagraf agus eile. Ligeann sé d'fhoras an chuma chéanna a chur ar a chuid cáipéisí uile ach gan cloí i gcónaí leis an gclóghrafaíocht chéanna.

Is féidir eilimintí SGML a pharsáil mar chrann sonraí i nodaireachtaí difriúla, i dtreo gurb í an cháipéis an bun-nód agus gur nóid thánaisteacha iad rudaí atá i nodaireachtaí eile (téacs, grafaicí). Cuireann SGML áiseanna ar fáil chun nascadh a dhéanamh le haonáin sheachtracha agus nótaí a chur leo.

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Trí eagraíocht (a thugtar an Comhphobal Eorpach orthu freisin) a raibh na forais chéanna acu: An European Coal and Steel Community (ECSC), an European Economic Community (EEC) agus an European Atomic Energy Commission (EAEC nó Euratom).

Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]