Jump to content

Léigear Ard na Caithne, 1580

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLéigear Ard na Caithne, 1580
Íomhá
Map
 52°11′25″N 10°24′56″W / 52.190386°N 10.415546°W / 52.190386; -10.415546
Cineálléigear Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deDara Éirí Amach i nDeasmumhain Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse7 (Féilire Ghréagóra) - 10 Samhain 1580 (Féilire Ghréagóra)
Dáta na bliana10 Samhain 1580 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhArd na Caithne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíoghacht Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Sa bhliain 1580, tháinig trúpaí ón Róimh agus an Spáinn chun cabhair a thabhairt d’Éirí Amach i nDeasumhain.

Droichead Garfinny

Ar an 10 Meán Fómhair 1580, tháinig 600 saighdiúir ón Spáinn agus ón Vatacáin isteach in Ard na Caithne.nó Smerwick in Iarthar Chiarraí. Ba é Sebastiano San Giuseppe a bhí i gceannas orthu. Rinne ceannairí Dheasumhan iarracht teagmháil a dhéanamh leo ach bhlocáil fórsaí Shasana iad faoi cheannas Iarla Grey. Bhlocáil cabhlach Shasana longa an Phápa freisin ag béal chuan Smerwick.[1]

Dún an Óir

Ní raibh an dara rogha ag San Giuseppe ach teitheadh go ceantar a dtugtar Dún an Óir air.

Ar an 5 Deireadh Fómhair, d’fhill fórsa cabhlaigh ar chuan Smerwick agus rinne siad léigear ar fhórsaí na Spáinne agus an Phápa. Ní raibh na Spáinnigh agus a gcomhluadar in ann teitheadh in aon áit.

Bhí Cnoc Bhreandáin ar thaobh amháin dóibh agus arm Shasana ar an taobh eile. D’ionsaigh na Sasanaigh iad ar an 8 Deireadh Fómhair agus ní fada ach go raibh an fórsa cloíte.

Ghéill San Giuseppe ar an 10 Deireadh Fómhair agus d’ordaigh Grey go marófaí gach duine ach amháin na ceannairí. Thóg sé dhá lá ar na Sasanaigh iad a mharú mar ghearr siad na cinn uathu agus ansin chaith siad na coirp d’fhaill Cheann Sibéal.[1]

Inniu, tugtar Gort a’ Ghearradh ar an bpáirc inar tharla sé seo. Tugtar Gort na gCeann ar an bpáirc a cuireadh cinn na bhfear.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 cogg.ie. "Plandáil in Éirinn". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-14. Dáta rochtana: 2022.