William Pelham (an Tiarna Breitheamh)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
William Pelham (an Tiarna Breitheamh)
Field Marshal Sir William Pelham, Lord Justice of Ireland (d 1587) by Hieronimo Custodis.jpg
Saol
Eolas breithe 1530
Náisiúntacht Ríocht Shasana
Bás 24 Samhain 1587
Muintir
Athair Sir William Pelham
Máthair Mary Sandys
Céile/Céilí Dorothy Pelham (en) Aistrigh
Siblíní
Gairm
Gairm breitheamh
Seirbhís mhíleata
Throid sé/sí ag Léigear Leith
Éirithe Amach Dheasmhumhan

Ba shaighdiúir Sasanach Sir William Pelham agus é ina Thiarna Breitheamh ar Éirinn, (c. 1528 - 1587), post a bhí míleata agus polaitiúil seachas dlíthiúil.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é an tríú mac de Sir William Pelham de Laughton, Sussex Thoir é, ag a dara bhean chéile, Mary, iníon William Sandys, 1ú Barún Sandys of the Vyne in aice Basingstoke in Hampshire agus a bhean chéile Margaret Bray. Ar na fíordheartháireacha a bhí aige bhí Edmund Pelham, Príomh-Bharún de Státchiste na hÉireann : ba é an leathdheartháir ba shine aige Sir Nicholas Pelham (1517-60). Fuair a athair bás sa bhliain 1538, agus is dócha gur tríocha bliain d'aois a bhí Pelham nuair a ceapadh é ina chaptaen ar na tiargálaithe ag léigear Leith in 1560. I measc na n-oibreacha léigir, thóg a thiargálaithe claí cosanta le ceithre hurdhún a tugadh "Mount Pelham" air. Moladh William an uair sin; ach, de réir Humfrey Barwick, bhí a dhroch-innealtóireacht freagrach as an gcréacht a fuair Arthur Gray, an 14ú Tiarna Gray de Wilton, mac ceannasaí an airm. [1]

Bhí sé i gceannas ar na tiargálaithe ag Le Havre i mí na Samhna 1562 faoi Ambrose Dudley, 3ú Iarla Warwick. Cuireadh é chun cuidiú leis an Aimiréal Coligny i mí Feabhra 1563, agus bhí sé i láthair nuair a gabhadh Caen. Ag filleadh dó ar Le Havre i mí an Mhárta, gortaíodh é le linn scirmisiú le fórsaí na Rhinegrave i mí an Mheithimh. Chabhraigh sé leis na caibidlí chun Le Havre a thabhairt suas, agus bhí sé ina ghiall chun na coinníollacha géillte a chomhlíonadh. Ina dhiaidh sin, nuair a d'fhill sé ar Shasana, bhí sé fostaithe le Portinari agus Jacopo Aconcio chun scrúdú agus feabhsú a dhéanamh ar dhaingneáin Bhearraig. Dúradh go raibh muinín ag an rialtas ina stuaim, agus nuair a ceapadh é mar leifteanant-ghinearál an ordanáis ba an príomhghnó a bhí aige ar feadh roinnt blianta cóir chosanta na ríochta a neartú. Chuaigh sé le Henry Brooke, 11ú Barún Cobham, agus leis an Rúnaí Francis Walsingham ar mhisean taidhleoireachta go dtí an Ísiltír i samhradh na bliana 1578, agus sa samhradh dár gcionn seoladh é go hÉirinn chun cosaint na Páile a eagrú i gcoinne ruathar a dhéanfadh na Niallach. Rinne Sir William Drury ridire de, agus, tar bháis Drury go gairid ina dhiaidh sin, roghnaigh Ríchomhairle na hÉireann é mar Thiarna Breitheamh na hÉireann ad interim.

Gníomhréim in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'éigean dó a aghaidh a thabhairt ar Chúige Mumhan, a bhí suaite le déanaí ag éirí amach Shéamuis Mhic Mhuiris Mhic Ghearailt, agus a raibh stiúir bhagrach fós ar Ghearailt Mac Gearailt, 15ú hIarla Dheasmhumhan agus ar a dheartháir Sir John Desmond. Theip air comhréiteach a dhéanamh agus rinne sé an t-iarla a fhógairt ina fhealltóir; ach ní raibh sé láidir a dhóthain chun ionsaí a dhéanamh ar Eas Géitine agus d'fhill sé ar Bhaile Átha Cliath trí Ghaillimh, ag fágáil fhearadh an chogaidh i gCúige Mumhan faoi Tomás de Buitléir, 10ú hIarla Urmhumhan. Chuir sé seo fearg ar an mBanríon Eilís, mar go raibh drogall uirthi dul i mbun feachtas nua costasach; mar sin féin, coinníodh in Éirinn é.

Bhí scéala ann go raibh na Spáinnigh chun ionradh a dhéanamh, agus rinne sé féin agus Iarla Urumhan slad uafásach i gCúige Mumhan chun reibiliúnaigh a chur faoi chois. Deir na Ceithre Máistrí gur mharaigh fórsaí Pelham sean agus óg, mná agus cailíní, lag agus láidir, cé go ndeachaigh muintir na háite sa tóir ar a gcuid caoraíochta agus gur mharaigh siad cuid mhaith de na Sasanaigh. Chaill fórsaí na Banríona neart fear agus capall de dheasca chruatan an turais agus easpa lóin.

Annála Ríochta Éireann, 1580[cuir in eagar | athraigh foinse]

Do lig sé sceimhealtóirí scaoilte uaidh gus an gCoill Mhóir go coilltibh Claonghlaise, agus go droibhéalaibh Deilge. Ní dheachaigh trócaire do thréan nó do thrua gur ráiníodar ansin. Níor mhachtadh [ionadh] gach aon ba inéachta do mharbhadh, ach do marbhadh na daill, agus daoine dearóile, do marbhadh ann mná, mic, iníonacha, aos galair, éagainn agus aos ársa. Rugadh a gcrodh agus a gcreacha gus an gcampa do shaighidh an iustais. Do fágadh dronga dearbhmhóra de Shacsanaibh le lucht na gcreach sin ina n-iarmhaireacht. Is ea do chinn an iustais dul i gCiarraí, agus do chuaigh go Teamhair Luachra, agus do chuaigh iaramh go Trá Lí, agus do mhuinceann Sléibhe Mis iníne Mhuireadha mhic Caireadha. Tháinig iarla Urumhan ó Chorcaigh go Ciarraighe i gcomhdháil an iustais. Ba dírímh ar fágadh d'eachaibh agus de dhaoinibh gan fuiliú, gan fordhearcadh le méid a n-astair agus n-imeachta, agus le teirce bídh den chor sin.[2]

Thug an ruathar seo ar thaoisigh an iarthair géilleadh. Tugadh pardún don chuid ba mhó acu, ach bhí Iarla Dheasumhan gan gabháil fós, cé go raibh sé lagaithe go mór. Bhí Pelham chun ruathar eile a dhéanamh ach fuair sé an scéal go raibh Fear nua Ionaid na Banríona, Arthur Grey, 14ú Barún Grey de Wilton, tar éis teacht i dtír. D’fhan Pelham in Éirinn tamall, ach tháinig galar géar air agus d’fhill sé ar Shasana.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé bás san Ísiltír ar an 24 Samhain 1587 tar éis dó teacht i dtír le fórsaí de chuid na Banríona.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Barwick, Humfrey, A breefe discourse, concerning the force and effect of all manuall weapons of fire and the disability of the long bowe or archery, in respect of others of greater force now in vse, London (1592), lgh 4-5.
  2. Annála Ríochta Éireann, M1580.18: https://celt.ucc.ie/published/G100005E/index.html. Litriú athchóirithe.

Admháil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ábhar san alt seo a baineadh as foilseachán atá ar fail go poiblí: Lee, Sidney, eag. (1895). "Pelham, William". Dictionary of National Biography. 44. London: Smith, Elder & Co.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]