Lámhach Cleveland Elementary (San Diego)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLámhach Cleveland Elementary
Íomhá
Map
 32°47′47″N 117°00′44″W / 32.7964°N 117.0123°W / 32.7964; -117.0123
Cineállámhach scoile Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana29 Eanáir 1979 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSan Diego, California Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe9 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireBrenda Ann Spencer Cuir in eagar ar Wikidata
ArmRuger 10/22 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Dúnmharaíodh beirt daoine fásta agus gortaíodh ocht bpáíste in ionsaí lámhaigh ar scoil i gCalifornia, an Grover Cleveland Elementary School in San Diego ar 29 Eanáir 1979.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí déagóri, Brenda Spencer, 16 bliain d'aois ag an am. ina cónaí os comhair na scoile. Ag 7h50 Dé Luain, bhí páistí i scuaine chun dul isteach sa scoil. 'Dubh dóite' léi féin (nó sin a mhaígh sí), thosaigh Spencer ag lámhach. Chuir na póilíní a teach faoi léigear. Tháinig iriseoir ar a huimhir ghutháin trí sheans. "I don't like Mondays. This livens up the day." a dúirt sí leis an iriseoir. Tháinig sí amach as an teach níos déanaí nuair a thairg na póilíní béile Burger King di.

Rinneadh diagnóis sa phríosún níos déanaí go raibh titimeas uirthi. Bhí galar dubhach uirthi chomh maith agus bhí sí i riocht í féin a mharú. Am Nollag 1978, thug a hathair raidfhfil dí (Ruger 10/22, raidhfil leath-uathoibríoch de chalabra .22) mar bhronntanas. Bhí Spencer ag iarraidh raidió a fháil. Ach bhí a hathair ag súil go gcuirfeadh sí lámh ina bás féin, b'fhéidir.

The Boomtown Rats, feirm Knott's Berry Farm, 1981.

Príosúnacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Spencer faoi aois sa bhliain 1979. Ach ar 4 Aibreán 1980, agus 18 in aois di, gearradh téarma príosúin 25 bliana uirthi.

Sa bhliain 2004, níor ligeadh amach Spencer, agus níor ligeadh amach ar 'parúl' í ach an oiread. Diúltaíodh a saoirse di gach bliain ó shin.[1]

Sna meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1979, bhí an-ráchairt ar an amhrán 'I Don’t Like Mondays' de chuid Na Boomtown Rats.[2] Ar 20 Lúnasa 1979, tháinig na Francaigh ó Bhaile Borrach isteach sna cairteacha sa Ríocht Aontaithe ag uimhir a haon. Labhair Bob Geldof faoi níos déanaí.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]