Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha (21 Feabhra)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha
Íomhá
Cineállá idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósteanga dhúchais Cuir in eagar ar Wikidata
Comóireann séteanga dhúchais Cuir in eagar ar Wikidata
Bailíocht2000 - 
21 Feabhra Cuir in eagar ar Wikidata
Fógairt17 Samhain 1999 Cuir in eagar ar Wikidata
Eagraína Náisiúin Aontaithe agus EOECNA Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinun.org… Cuir in eagar ar Wikidata


Chuir na Náisiúin Aontaithe tús le Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha sa bhliain 2008 le héagsúlacht chultúrtha agus teangacha agus an t-ilteangachas a chur chun cinn. Roghnaíodh an 21 Feabhra in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis sa bhliain 1952.[1]

Leagann Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) béim faoi leith ar fhorbairt an oideachais ilteangaigh ar fud an domhain ar an lá seo.[2]

Cuimhneachán

Bítear ag súil go gcuirfear cainteoirí mionteangacha in aithne dá chéile ar fud an domhain le linn an fheachtais agus go n-ardófar feasacht ar theangacha atá i mbaol báis.

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar cheann de himeachtaí is feiceálaí a bhíonn ar siúl ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha, tá an feachtas Twitter, Tweet Mother Language. Iarrtar ar chainteoirí mionteangacha giolcacha a chur amach sa teanga sin ar feadh an lae chun éagsúlacht chultúrtha agus teangacha timpeall an domhain a cheiliúradh.

Cuimhneachán, Grangemoor Park, Caerdydd

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Iarrtar ar dhaoine ar Twitter a bhfuil Gaeilge acu a fhógairt don saol mór cén fáth a gcreideann siad go bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a úsáid ar líne agus na nathanna cainte, seanfhocail agus focail is fearr leo a ghiolcadh (moltar do Ghaelghiolcairí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #MotherLanguage agus #Gaeilge).[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Maitiú Ó Coimín (2015). "Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha: an sprioc ná 50,000 duine a ‘aimsiú’ le giolcacha Gaeilge" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-21.
  2. Maitiú Ó Coimín (2017). "Béim ar an oideachas ilteangach ar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-21.
  3. Maitiú Ó Coimín (2015). "Údar díomá a laghad giolcacha Gaeilge a bhí ann Lá na Máthairtheangacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-02-21.