Jump to content

Séaghan Ó Súilleabháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Kerry Cowboy)
Infotaula de personaSéaghan Ó Súilleabháin
Beathaisnéis
Breithc. 1999
24/25 bliana d'aois
Cill Orglan, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Mhuire gan Smál Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfeirmeoir, múinteoir meánscoile, láithreoir teilifíse, duine cáiliúil ar an idirlíon, aisteoir gutha Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Facebook: kerrycowboy Twitter: Suilleabhanach Instagram: kerry.cowboy LinkedIn: kerrycowboy TikTok: kerrycowboy Cuir in eagar ar Wikidata

Láithreoir teilifíse, pearsa ar na meáin shóisialta, múinteoir cáilithe agus Oifigeach Pleanála Teanga do Chathair Saidhbhín is ea Séaghan Ó Súilleabháinan Kerry Cowboy.

Tá aithne fhorleathan ar Shéaghan mar láithreoir teilifíse agus pearsa ar na meáin shóisialta faoin leasainm ‘The Kerry Cowboy’. Chomh maith le cúrsaí feirmeoireachta, tá suim ar leith ag Séaghan i mbéaloideas, logainmneacha agus stair áitiúil chomh maith le sléibhteoireacht agus rámhaíocht. Tá sé lonnaithe in Oifig na Gaeilge, Ionad Aosoideachas Uí Chonaill, Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí.[1]

Is feirmeoir aitheanta as Cill Orglan é Séaghan a bhfuil a chroí sa talmhaíocht ach tá suim ar leith aige chomh maith sna meáin shóisialta.[2]

Cruthaíonn sé ábhar ar TikTok agus ar Instagram a bhaineann lena shaol laethúil, na hainmhithe agus an cultúr Gaelach. Tá nach mór 200 míle leantóirí aige ar Tiktok agus breis agus 25,000 ar Instagram. Is breá leis a bheith amuigh sa dúlra ag spaisteoireacht sna sléibhte, ag snámh san fharraige nó ag marcaíocht ar chapall. Tá an-suim aige i gcúrsaí caide, leis.[3]

Is as Oileán Dairbhre dá mháthair agus tá Gaelainn ag a muintir agus deir sé gur phioc [sé] suas focal nó dhó uathu.[4] Ambasadóir ar son Seachtain na Gaeilge a bhí ann freisin.

Is minic a bhíonn sé clos ar chláir ar nós an Saol ó Dheas ar Raidió na Gaeltachta.[5] Is beag taistil a bhí déanta aige sular thosaigh sé ar an gclár Téacs Taistil (sraith teilifíse) ar TG4.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Séaghan ar Instagram: [1]
  • Twitter: [2]
  1. "Séaghan Ó Súilleabháin" (ga-IE). Glór na nGael. Dáta rochtana: 2024-11-07.
  2. "8. Séaghan Ó Súilleabháin - Feirmeoireacht agus na meáin shóisialta" (en). TG4 Foghlaim. Dáta rochtana: 2024-11-07.
  3. "Séaghan Ó Súilleabháin" (en). bloc.tg4.ie. Dáta rochtana: 2024-11-07.
  4. "My farming week: Séaghan Ó Súilleabháin, Dromin, Cill Airne, Co Ciarraí" (en). www.farmersjournal.ie. Dáta rochtana: 2024-11-07.
  5. Brí Uíbh Ráthaigh. "Póstáil Brí Uíbh Ráthaigh".
  6. www.agriland.ie/. "Young Kerry farmer to host new TV travel show".