Cill Orglan
Cill Orglan | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | |||
Contae in Éirinn | Contae Chiarraí | |||
Tíreolaíocht | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Leamhain | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 23580 |
Is baile i gContae Chiarraí í Cill Orglan.[1][2] Tá an baile suite i ndeisceart an chontae.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]1916
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharla eachtra ar Aoine an Chéasta 1916, a deir go leor staraithe a bhí ar an gcéad tubaiste den Éirí Amach 1916. Báthadh triúr d'Óglaigh na hÉireann nuair a d'imigh a ngluaisteán den déanamh Briscoe de ché Bhaile Uí Chíosáin agus isteach in Abhainn na Leamhna in aice le Cill Orglan i gCo Chiarraí.[3]
Bhí an triúr, Con Keating, Donal Sheahan agus Charlie Monahan ar a mbealach go Cathair Saidhbhín le teagmháil raidió a dhéanamh le Ruairí Mac Easmainn agus an long Ghearmánach, an Aud, a bhí le gunnaí a thabhairt i dtír don Éirí Amach.[3]
Fuarthas corp Donal Sheahan agus Con Keating dhá lá ina dhiaidh sin. Bhí corp Charlie Monahan ar iarraidh ach 6 mhí i ndiaidh don Aud dul go grinneall, tháinig cnámharlach gan cloigeann ná cosa i dtír ar bhruach na Leamhna. Bhí éadaí maithe ar an chnámharlach. Fuarthas dhá leathshabhrán óir agus dornán de nótaí fliucha airgid i bpóca - níos mó airgid tirm ná a bheadh ag an ngnáthdhuine ag an am. hAithníodh ar deireadh gur corp Charlie Monahan a bhí ann.[3]
B'as Cathair Saidhbhín do Con Keating, b'as Béal Feirste do Charlie Monahan agus b'as an gCaisleán Nua Thiar do Donal Sheahan. Tá an bheirt dheireanach sin curtha sa reilig i gCill Orglan agus tá Con Keating curtha i gCathair Saidhbhín.[3]
Íomhánna
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
An Príomh Shráid
-
Timpeallán
-
Síneacha tráchta
-
An Puc Rí
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Cill Orglan/Killorglin | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Maps, Weather, and Airports for Killorglin, Ireland". www.fallingrain.com. Dáta rochtana: 2021-04-21.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 Nuacht RTÉ (2015-04-02). "Comóradh á dhéanamh ar Óglaigh 1916 i gCill Orglan" (as en).