Téacs Taistil (sraith teilifíse)
| Tír | Éire |
|---|---|
| Bealach teilifíse | TG4 |
| An chéad eipeasóid | 2023 |
Sraith taistil teilifíse ar TG4 é Téacs Taistil a thugann an lucht féachana sa bhaile ar aistear ón tolg go ceann scríbe ar leith ar feadh uair an chloig gach seachtain. Triúr atá páirteach ann - Louise Cantillon, Séaghan Ó Súilleabháin agus Proinsias Ó Coinn. Macalla Teoranta a léirigh.[1]
Is sraith éadrom atá ann ina dtugann na láithreoirí faoi dhúshláin agus eachtraí nua le cúnamh a lucht leanta ar na meáin shóisialta agus Google. Craoladh sraith in 2023 agus in 2024.
2026
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Séaghan, Louise agus Proinsias ag taisteal ar fud an domhain i Sraith 4 agus beidh réalta Ros na Rún, Laura Ní Aoidhne ina dteannta do chorrchlár freisin. Tá Laura lán le brí agus fuinnimh agus tá an-suim aici i gcúrsaí cultúrtha. Ó chroílár Chicago go cúlsráideanna bríomhara Toronto, Eas Niagara agus níos faide i gcéin tugann na láithreoirí léargas ar an saol in áiteanna éagsúla ar fud an domhain.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol teilifíse é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |