June Crespo
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1982 42/43 bliana d'aois Pamplona, An Spáinn |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | European Ceramics Work Center (en) (2018–2018) Ollscoil Thír na mBascach |
Áit chónaithe | Bilbo |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Oisterwijk |
Gairm | amharcealaíontóir |
Seánra | Dealbhóireacht, lithograph (en) agus líníocht |
Teangacha | An Spáinnis |
Ghlac sé/sí páirt i | |
24 Feabhra 2024 | Larruak eta izurrak |
Tabakalera | |
Suíomh gréasáin | junecrespo.com |
Is ealaíontóir Spáinneach í June Crespo Oyaga (rugadh 1982).
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh June Crespo i Pamplona sa bhliain 1982, agus thuill sí ceadúnaithe sna mínealaíona ó Ollscoil Thír na mBascach i 2005. Le haghaidh a cuid oiliúna ealaíne d’fhreastail sí ar Cheardlann Cleachtais Ealaíne Lupa e Imán i San Sebastián i 2005,[1] agus an bhliain dár gcionn, Kunsthaus Bregenz san Ostair. In 2014 fuair sí oiliúint ag an International Artists Studio Programme i Stócólm, agus ó 2015 go 2017, ag De Ateliers in Amstardam.
Oibríonn sí i liteagrafaíocht agus líníocht, chomh maith le dealbhóireacht le hábhair cosúil le fabraic, coincréit, snáithínghloine, plástar, agus céir. Tá a saothair mar chuid de bhailiúcháin an Artium Museum agus an Museo Reina Sofía, i measc nithe eile.
Ag éiri níos cáilúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh léi lena taispeántais aonair Chance Album n.º1 ag etHALL in Barcelona in 2016, agus Ser dos ag an Galería CarrerasMugica i Bilbao in 2017. Ghlac sí páirt freisin i dtaispeántais ghrúpa ar nós Hitting it off, P-exclamation i Nua-Eabhrac in 2014; ga ...Ahí pero vacío i gCathair Mheicsiceo in 2017; Querer Parecer Noche ag CA2M i Maidrid agus radharc inmheánach ag Galeria Stereo i Vársá, an dá cheann in 2018; agus Una dimensión ulterior ag an Músaem Patio Herreriano i Valladolid in 2019.[2]
In 2013, bhí Crespo ar dhuine de thriúr buaiteoirí (in éineacht leis an ealaíontóir Ana Laura Aláez agus an taighdeoir Adelina Moyano) ar Ghradaim Gure Artea rialtas Thír na mBascach, ag fáil dearlaice de €25,000. In 2018, bhronn Radio Nacional de España Gradam Critical Eye for Plastic Arts uirthi. Ina dhiaidh sin, bronnadh Gradam Idirnáisiúnta Ealaíne Fundación María José Jove uirthi in 2019.
Taispeántais aonair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 2013: Amatista, Sala Rekalde, Bilbao
- 2013: Reverse, Clár Have A Window, Torino
- 2015: Cosa y tú, Galería CarrerasMugica, Bilbao
- 2016: Chance Album nº1, etHALL, Barcelona
- 2016: Kanala, Clár Intertextual, MARCO, Vigo
- 2017: Ser dos, Galería CarrerasMugica, Bilbao
- 2019: No Osso, Certain Lack of Coherence, Porto
- 2020: HELMETS, Artium Museum, Vitoria-Gasteiz[3]
- 2020 Voy, sí, Galería Heinrich Ehrhardt, Maidrid
Nasc seachtrach.
[cuir in eagar | athraigh foinse][1] Suíomh idirlíon oifigúil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Peio Aguirre (2018-02-13). "Poética escultórica de lo informe" (es). El País. Dáta rochtana: 2024-04-17.
- ↑ "‘Hitting It Off’ at P!" (en-US). Observer (2014-02-05). Dáta rochtana: 2024-04-17.
- ↑ “June Crespo, el cuerpo y el hormigón” (Spanish) (2020-12-04). Dáta rochtana: 2021-05-28.
First Thought Best. (2014) GETXOarte (2005) INGURU HURBILAK ENTORNOS PROXIMUS 08 ESCANOGRAFÌAS (2010-2011)