Joseph Larmor
Appearance
Fisiceoir a rugadh i mBéal Feirste ab ea Joseph Larmor (11 Iúil 1857 – 19 Bealtaine 1942). Ollamh le fisic i gColáiste na Banríona, Gaillimh, ansin ollamh le matamaitic in Ollscoil Cambridge. Rinne sé taighde ar theoiric an leictreamaighnéadais agus teoiric leictreonach damhna.
D'fhoilsigh sé Aether and Matter (Éitear is Damhna, 1900).
Bhí a chuid oibre bunaithe ar an bhfisic chlasaiceach, ach léirigh sé laigí is cúnguithe na fisice clasaicí, agus conas a chabhródh teoiricí na coibhneasachta is na meicnice candamaí leis na laigí sin a dheisiú is an teoiric a iomlánú.
D'éag Larmor in Ard Mhic Nasca, Contae an Dúin, ar 19 Bealtaine 1942, in a0is 84 bliain dó.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Joseph Larmor". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 395.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |