John Tyndall
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 2 Lúnasa 1820 Contae Cheatharlach |
Bás | 4 Nollaig 1893 73 bliana d'aois Haslemere, England |
Áit adhlactha | St. Bartholomew's Churchyard (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Marburg |
Comhairleoir dochtúireachta | Michael Faraday, Friedrich Ludwig Stegmann agus Robert Wilhelm Bunsen |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic, an fhisic thurgnamhach, thermal radiation (en) , light scattering (en) agus oigheareolaíocht |
Gairm | fisiceoir, fealsamh, scríbhneoir, cumadóir, glaciologist (en) , sléibhteoir, múinteoir ollscoile |
Fostóir | An Institiúid Ríoga |
Ball de | |
Mac/iníon léinn de chuid | Robert Wilhelm Bunsen |
Teangacha | Béarla |
Spórt | sléibhteoireacht |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne |
|
Teaghlach | |
Céile | Louisa Charlotte Tyndall (1876–) |
Athair | John Tyndall |
Gradam a fuarthas
| |
Fisiceoir a saolaíodh i Leithghlinn an Droichid, Contae Cheatharlach, ab ea John Tyndall (2 Lúnasa 1820 - 4 Nollaig 1893). Rinne sé taighde suntasach ar an iliomad ábhar tábhachtach sa 19ú haois.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Tyndall ina bhall den tSeirbhís Ordanáis in Éirinn (1839) agus Sasana (1842), agus níos déanaí ina innealtóir iarnróid (1844-1847). Ceapadh ina Chomhalta den Chumann Ríoga é i 1852, agus ina ollamh san Institiúid Ríoga i 1853. Ba chomhghleacaí ansin le Michael Faraday é, agus tháinig sé i gcomharbacht air mar stiúrthóir (1867).
- Rinne sé taighde suntasach ar an iliomad ábhar tábhachtach, ina measc iompar criostal i réimse maighnéadach is faoi bhrú, radaíocht teasa, teocht is radaíocht na gréine, na himoibrithe idir solas na gréine agus na gáis san atmaisféar, agus scaipeadh solais le páirteagail san atmaisféar.
- Mhínigh sé cén fáth go bhfuil an spéir gorm, agus an iarmhairt cheaptha teasa (iarmhairt an teach gloine) san atmaisféar de thoradh an dé-ocsaíd charbóin ann.
- Thaispeáin sé go bhfuil páirteagail deannaigh is páirteagail bheo san aer, agus thug isteach iarmhairt Tyndall is scaipeadh Tyndall.
- Chabhraigh sé le bunú an iris cháiliúil eolaíochta Nature (An Dúlra) i 1869.
- Bhí Tyndall ina cheannródaí sa scríbhneoireacht eolaíochta do ghnáthdhaoine. Scríobh sé beathaisnéis Faraday, Faraday as a Discoverer (Faraday mar Fhionnachtaí, 1868), Glaciers of the Alps (Oighearshruthanna na nAlp, 1860) agus Fragments of Science for Unscientific People (Blúirí Eolaíochta do Dhaoine gan Eolaíocht, 1871).[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "John Tyndall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 684.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |