Jenny Lind
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 6 Deireadh Fómhair 1820 Paróiste Klara, An tSualainn |
| Bás | 2 Samhain 1887 67 bliana d'aois Malvern, England |
| Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
| Áit adhlactha | Great Malvern Cemetery (en) Great Malvern |
| Faisnéis phearsanta | |
| Reiligiún | Liútarachas |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | aisteoir, múinteoir ceoil, amhránaí ceoldrámaíochta, aisteoir stáitse |
| Tréimhse oibre | 1838 – |
| Fostóir | Ollscoil Londan |
| Ball de | |
| Seánra | Ceol clasaiceach agus ceoldráma |
| Mac/iníon léinn de chuid | Manuel Patricio Rodríguez García agus Karl Magnus Craelius |
| Mac/iníon léinn | Liza Lehman |
| Faoi thionchar | |
| Teangacha | An tSualainnis agus Béarla |
| Cineál gutha | Coloratura soprano (en) |
| Uirlis | Ceol gutha |
| Teaghlach | |
| Céile | Otto Goldschmidt (1852–luach anaithnid) |
| Páiste | Jenny Maria Catharina Goldschmidt, Walter Otto Goldschmidt, Ernest Goldschmidt |
| Athair | Nils Johan Lind agus Anne-Marie Fellborg |
| Croineolaíocht | |
| Jenny Lind tour of America, 1850–52 (en) | |

Amhránaí ceoldráma Sualannach ab ea Johanna Maria Lind nó Jenny Lind mar ab fhearr aithne uirthi (6 Deireadh Fómhair 1820 – 2 Samhain 1887). An Filiméala Sualannach (Sualainnis: Den Svenska Näktergalen) an leasainm a tugadh uirthi. Ba shoprán í a raibh ráchairt mhór uirthi i dtuaisceart na hEorpa sna 1840idí agus a raibh dlúthbhaint aici le Mendelsson. D'éirigh go seoigh lena turas sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1850. Bhí sí ina ball de Acadamh Ríoga Cheoil na Sualainne ó 1840 i leith.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Lind i Stockholm. Múinteoir scoile ab ea a máthair agus rith sí a scoil féin a d'fhreastail ar chailíní. Chan Jenny ar an stáitse den chéad uair agus í 10 bliana d'aois. An chéad ról mór a bhí aici ná Agathe in Der Freischütz de chuid Weber sa bhliain 1838 ag Opera Roga na Sualainne. Theip ar a guth tar éis tamaill, ach rinne sí staidéar le Manuel García i bPáras (1841–1843) agus d'éirigh leis an bheirt acu a guth agus a gairm a tharrtháil.
Cheap P. T. Barnum di turas Mheiriceá a thabhairt agus chuaigh sé a chaint le Jenny Lind sa bhliain 1849. Ghlac sí leis an bplean mar bheadh na suimeanna airgid i gceist chomh mór gurbh fhéidir léi a tionscadail charthanacha ina tír dhúchasach a chur chun cinn, go mór mhór scoileanna saor in aisce. Chaith sí dhá bhliain i Meiriceá. Phós sí Otto Goldschmidt sa bhliain 1852 agus chuaigh siad ar ais go dtí an Eoraip sa bhliain chéanna. Bhí triúr páistí acu.

Chuir sí fúithi i Sasana sa bhliain 1855. Fuair sí bás in Malvern, Worcestershire sa bhliain 1887.[1]
Léitheoireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Rosen, Carole (2004). "Oxford Dictionary of National Biography". Oxford University Press.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Rosen, "Lind, Jenny (1820–1887)"
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |