Jump to content

Iontaobhas ULTACH

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaIontaobhas ULTACH
Sonraí
Cineáleagraíocht
charitable trust (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1989
Bunaitheoir(í)Aodán Mac Póilin Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinultach.org Cuir in eagar ar Wikidata

Cumman carthanachta ba ea Iontaobhas ULTACH. An phríomhaidhm a bhí aige ná an Ghaeilge a chur chun cinn i dTuaisceart Éireann. Bhí a chuid oifigí suite ag 6-10 Sráid Liam, Ceathrú na hArdeaglaise, i gcathair Bhéal Feirste. Ó Fhoras na Gaeilge a tháinig bunmhaoiniú an Iontaobhais.

Bhí éiteas trasphobail ag an eagraíocht. Cheap na baill gur chóir an Ghaeilge a chur chun tosaigh mar oidhreacht choiteann ag gach duine i dTuaisceart Éireann idir Náisiúnaithe agus Aontachtaithe.

Bhí iarracht á dhéanamh ag an Iontaobhas na haidhmeanna seo a bhaint amach: ag plé le réamhchlaontaí diúltacha; ag iarraidh suim sa teanga a spreagadh ar fud an phobail; ag déanamh taighde ar thraidisiún na teanga i measc na bProtastúnach agus ag scaipeadh eolais ar an taighde seo; ag déanamh anailíse ar bhacanna ar bith a bheadh ar Aontachtaithe dul i dtreo na Gaeilge; agus ag soláthar deiseanna dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Bíonn an tIontaobhas ag iarraidh aird a tharraingt ar bhraithstintí na nAontachtaithe i measc an chuid sin den phobal náisiúnaíoch atá ag iarraidh fairsingeacht a fhágáil i ngluaiseacht na Gaeilge sa Tuaisceart do dhaoine a bhfuil dearcaithe eile acu.

Bhí go leor oibre á dhéanamh ag Gordon McCoy maidir leis na freagrachtaí seo. Bhí sé ag iarraidh na constaicí atá roimh Phrotastúnaigh agus aontachtaithe maidir leis an teanga a aithint agus straitéisí a fhorbairt chun déileáil leis na buarthaí, idir fhíor agus bhraite, a bhíonn ar fhoghlaimeoirí. Bhí sé ag iarraidh tuiscint a thabhairt do náisiúnaithe ar na fadhbanna a bhíonn ag go leor foghlaimeoirí ó thraidisiúin aontachtach eile.

Seo a leanas na hIontaobhaithe a bhí ar an Bhord: Ruairí Ó Bléine, Bill Boyd, Réamonn Ó Ciaráin, Seán Ó Coinn, Déaglán Ó Doibhlín, Robin Glendinning, Risteard Mac Gabhann, Joyce Gibson, Sue Pentel, Barry Kinghan, Orla Nig Ruairí.

Seo liosta de na hiar-bhaill foirne;

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]