Gordon McCoy
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1963 Tamhnaigh Naomh, Northern Ireland |
| Bás | 13 Samhain 2025 61/62 bliana d'aois Marie Curie Hospice, Northern Ireland (en) |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Banríona, Béal Feirste |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir |
| Tréimhse oibre | 1997 – |
| Teangacha | Béarla |
Bhí Gordon McCoy (1963 - 13 Samhain 2025) ar dhuine de na daoine ó chúlra Protastúnach is mó a chuir an Ghaeilge chun cinn sa Tuaisceart le linn na 1990-2020idí. Bhí aithne mhaith air mar mhúinteoir Gaeilge in ‘Turas’ in Oirthear Bhéal Feirste. Is iomaí alt a bhí scríofa aige d’irisí léannta ar ghnéithe de ghluaiseacht na teanga agus ar fhoghlaimeoirí Protastúnacha na teanga, agus d'foilsigh sé altanna ar théamaí a bhain le polaitíocht agus cultúr.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh McCoy i dTamhnaigh Naomh i gcontae an Dúin sa bhliain 1963. Thosaigh sé ag foghlaim na Gaeilge sna 1980idí. Chuir sé an-spéis sa teanga agus chaith sé a shaol i mbun taighde uirthi agus á múineadh.[1]
Bhain sé bhunchéim amach sa Léann Ceilteach agus san Antraipeolaíocht in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Sa bhliain 1997 bhronn Ollscoil na Ríona dochtúireacht air dá thráchtas ar Phrotastúnaigh ó Thuaidh a d'fhoghlaim Gaeilge. D’fhoilsigh sé leabhar bunaithe ar a chuid taighde dar teideal Protastúnaigh agus an Ghaeilge i 1997. Bhí sé ar dhuine d’eagarthóirí an leabhair Aithne na nGael/Gaelic Identities a foilsíodh in 2001.[2] Chuir sé roinnt leabhar agus léarscáileanna amach bunaithe ar a thaighde ar oidhreacht Ghaelach Oirthear Bhéal Feirste.
Scríobh sé féin agus Róise Ní Bhaoill “Taisce Focal”, alt d'fhoghlaimeoirí ar an iris líonláithreáin Beo!. Sa tsraith seo, chuir siad focail agus cora cainte i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach bhfuil ar eolas ag go leor de lucht foghlamtha na teanga. Scríobh siad faoi théama faoi leith gach mí.[3]
Rinne sé taighde freisin faoi chaidreamh Rialtas na Breataine leis an nGaeilge; agus faoin nGaeilge sa Tuaisceart i ndiaidh Phróiseas na Síochána.[1]
Múineadh agus eagraíochtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mhúineadh McCoy ranganna oíche in Turas, áit a mbíonn go leor daoine ó chúlra Aontachtach agus Protastúnach ag foghlaim na Gaeilge. Ba sa bhliain 2015 a chuaigh McCoy ag obair leis an eagraíocht Turas.[4]
Ball de dhá choiste de chuid Chomhairle Caidrimh Pobail Thuaisceart Éireann (an Grúpa Comhairle Éagsúlachta Cultúir agus an Grúpa Comhairle Taighde agus Acmhainn) ba ea é. Comhalta ar Fhoras na Gaeilge ba ea é chomh maith agus ba bhall den choiste a bhí i mbun athbhreithnithe ar pholasaí trasphobal an Roinn Oideachais é.
Chuaigh sé ag obair leis an Iontaobhas Ultach sa bhliain 1997. Bunaíodh an eagraíocht sin i 1989 leis an nGaeilge a chur chun cinn sa dá phobal sa Tuaisceart. Bhí McCoy ina oifigeach forbartha leis an eagraíocht agus dhírigh sé go minic ar dhaoine óna chúlra féin a mhealladh i dtreo na teanga, agus na constaicí a bhraith Protastúnaigh agus Aontachtaithe a bheith rompu a mhíniú don phobal eile.[1]
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhásaigh McCoy in Ospís Marie Curie i mBéal Feirste ar an 13 Samhain 2025, in aois 61 nó 62 bliain dó.

Tá Gordon McCoy curtha i reilig pharóiste Thamhnaigh Naomh.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Maitiú Ó Coimín (19 Samhain 2025). "Gordon McCoy, údar, taighdeoir agus múinteoir Gaeilge den chéad scoth, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-20.
- ↑ a chuir traidisiún na Gaeilge in Éirinn agus in Albain i gcomparáid le chéile
- ↑ "Beo! - Gordon McCoy". www.beo.ie. Dáta rochtana: 2025-11-19.
- ↑ Turas (ar Facebook) (2025). "Gordon McCoy". Dáta rochtana: 2025.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Taisce Focal, 2001-2004, iris Beo
- 'Protestant Learners of Irish in Northern Ireland' le Gordon McCoy (as Béarla) Curtha i gcartlann 2009-10-22 ar an Wayback Machine
- Good News in Gaelic le Gordon McCoy (i mBéarla) Curtha i gcartlann 2009-01-07 ar an Wayback Machine