Jump to content

Ionsaí trucailín i New Orleans, 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí trucailín i New Orleans, 2025
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 29° 57′ 22″ N, 90° 04′ 04″ O / 29.95611°N,90.06789°W / 29.95611; -90.06789
Cineálvehicle-ramming attack (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deDomestic terrorism in the United States (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana1 Eanáir 2025 (03:15. an tAmchrios Lárnach) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBourbon Street, Louisiana (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, New Orleans, Louisiana Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
FeithicilFord F-150 Lightning Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna15 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe35 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireShamsud-Din Bahar Jabbar Cuir in eagar ar Wikidata
Armraidhfil de chineál AR-15
gunna láimhe
Ford F-150 Lightning Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Maraíodh 14 agus gortaíodh tríocha duine eile in ionsaí trucailín i New Orleans ar Lá Caille, 1 Eanáir 2025. Bhí an slua bailithe i gCeathrú Fhrancach na cathrach le teacht na Bliana Nua a cheiliúradh.[1] Tiomáineadh feithicil éadrom trí shlua daoine a bhí bailithe leis an mBliain Nua a cheiliúradh i lár chathair New Orleans sna Stáit Aontaithe.[2]

Ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann. Iarshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea an sceimhlitheoir. Tharla eachtra eile cúpla uair níos déanaí i Las Vegas, nuair a thug saighdiúir eile lámh ina bhás féin.

Iarshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea Jabbar.[3]
Pas na Stát Aontaithe a bhí ag Jabber[4]
Físeán
Ford F-150 Lightning

Ag a ceathrú tar éis a trí ar maidin – 9.15 am na hÉireann - a tharla an eachtra ar Shráid Bourbon, ceantar mór turasóireachta i gCeathrú Francach na cathrach. agus daoine fós ag ceiliúradh theacht na Bliana Nua. Sna tréinte siúil a bhí an fheithicil sa cheantar coisithe ag an am agus gur d'aon ghnó a tiomáineadh í tríd an slua. Tá an-tóir ag turasóirí ar an gceantar "French Quarter" ach maraíodh daoine áitiúla go hairithe san ionsaí.[2]

Scaoil an tiománaí le póilíní ansin, agus gortaíodh beirt acu. Scaoil na póilíní leis an tiománaí freisin, agus maraíodh ar an láthair é.[5]

An sceimhlitheoir

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shamsud-Din Jabbar, 42 bliain d'aois, an fear a rinne an t-ionsaí. Bhí rún aige an oiread daoine a mharú agus ab fhéidir leis. Saoránach de chuid na Stát Aontaithe ba ea Jabbar, a rugadh i dTexas sa bhliain 1982. Iarshaighdiúir na Stát Aontaithe ba ea é. Bhí sé ag obair mar ghníomhaire réadmhaoine ar feadh tamaill agus níos déanaí sa chomhairleacht Deloitte. Bhí fadhbanna sa phósadh aige ag an am. I dteachtaireacht roimh an ionsaí, dúirt Jabbar go raibh sé "ina bhall" den Stát Ioslamach, ach ní raibh comhchoirí aige; creideann an FBI go raibh an tiománaí ag gníomhú ina aonar.

Truiclín Ford F-150 Lightning a bhí san fheithicil a thiomáin Jabbar tríd an slua. Fuair sé é ar cíos i dTexas. Bhí bratach na heagraíochta sceimhlitheoireachta Stát Ioslamach ceangailte dá cúl.[2]

Tháinig Jabbar as an bhfeithichil nuair a stop sí. Scaoil sé arm tine leis na póilíní agus gur scaoil siadsan ar ais leis. Maraíodh an fear ar an mball. Bhí piostal Glock agus raidhfil ionsaithe de shaghas AR ina sheilbh aige.

Tharla eachtra eile cúpla uair níos déanaí i Las Vegas, nuair a thug saighdiúir eile lámh ina bhás féin. Pléascadh Tesla Cybertruck roimh an Óstán Trump i Las Vegas, ach ní raibh sceimhlitheoireacht i gceist an uair seo. Bronnadh go leor bonn ar Matthew Livelsberger, 37 ach bhí neamhord struis iarthrámaigh air. Saighdiúir na Stát Aontaithe san Afganastáin ba ea é chomh maith, cosúil le Shamsud-Din Jabbar.[6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2025-01-02). "'Dúine amháin a bhí freagrach as an ionsaí in New Orleans'" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2025-01-01). "Deichniúr maraithe in ionsaí gluaisteáin in New Orleans" (as ga-IE). 
  3. "Bourbon Street reopens as FBI says New Orleans attacker appeared to act alone" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2025-01-04.
  4. Siladitya Ray. "New Orleans Truck Attack Suspect Identified—Here’s What We Know About Him" (en). Forbes. Dáta rochtana: 2025-01-04.
  5. Conradh na Gaeilge, Londain (4 Eanáir 2025). "Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-01-04.
  6. "Soldier who blew up Tesla at Trump hotel left note saying blast was to be a 'wake up call' for US" (en). AP News (2025-01-03). Dáta rochtana: 2025-01-04.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]