Neamhord struis iarthrámaigh
Appearance
Frithghníomhú ardimní a tharlaíonn do dhaoine áirithe a d'fhulaing teagmhas coscrach, ar nós finné ar mharú, dochar suntasach, nó bagairt an bháis. Cuireann sé isteach go minic ar mharthanóirí cogaidh. Fulaingíonn duine an teagmhas coscrach arís is arís eile mar íomhánna nó smaointe ina n-athbhladhmanna, cur allais, ráta croí géaraithe, agus imní. Go minic spreagann athchuimhne ar an mbunteagmhas an fhulaingt seo, agus déanann an duine iarracht rudaí athchuimhnitheacha a sheachaint, rud a fhéadfaidh cur isteach ar a bheatha. Mar thoradh eile, bíonn claonadh ag duine i dtreo dúlagair is/nó andúile. Is féidir an neamhord a sheachaint nó a mhaolú trí chomhairleoireacht nó cabhair shíceolaíoch eile.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Neamhord struis iarthrámaigh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 479.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |