Imoibriú comhdhlúthúcháin (ceimic)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Comhdhlúthú

Sa cheimic, is éard is imoibriú comhdhlúthúcháin ann ná imoibriú ceimiceach ina chuingríonn dhá mhóilín nó níos mó (feidhmghrúpaí), chun táirge a chruthú le díbirt móilíní réasúnta beag. Is féidir gur uisce, clóiríd hidrigine, meatánól, nó aigéad aicéiteach a bhéas i gceist, ach in imoibriú bitheolaíochta is minic a bhíonn uisce i gceist.

I bpolaiméarú comhdhlúthúcháin, atá an-tábhachtach i dtáirgeadh fabraicí saorga de na cineálacha poileistir is polaimíde, díbrítear uisce de ghnáth.

Nuair a n-imoibríonn dhá móilíní ar leith, tugtar idirmhóilíneach ar an chomhdhlúthúchán. Sampla simplí is ea comhdhlúthúcháin dhá aimíonaigéad chun an nasc peiptídeach a dhéanamh, tréith na próitéine. San hidrealú tarlaíonn a mhalairt, roinneann aonán ceimiceach ina dhá chuid trí oibriú mhóilín pholach uisce, a scoilteann é féin chuig iain hiodrocsaídí agus hidrigine. Mar sin bíonn fuinneamh de dhíth.