Imelda May

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaImelda May

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith10 Iúil 1974
49 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí is scríbhneoir, ceoltóir snagcheoil Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2002 –
SeánraRockabilly
TeangachaBéarla
UirlisBodhrán
Lipéad ceoilDecca Records
Universal Music Group Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinimeldamay.co.uk Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm3390665 Facebook: ImeldaMayOfficial Twitter: imeldaofficial Instagram: imeldaofficial Souncloud: imeldamay Spotify: 6AnjHMqEAps8VJdHU8RykH iTunes: 206456819 Last fm: Imelda+May Musicbrainz: cf7560ef-7714-477e-b4cd-59de0a2d11fb Songkick: 587451 Discogs: 1242200 Allmusic: mn0001073456 Deezer: 146645 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí, ceoltóir, léiritheoir agus cumadóir amhráin Éireannach í Imelda Mary Higham (Gaeilge: Imelda Máire Higham) (rugadh í leis an ainm Imelda Mary Clabby ar an 10ú Iúil 1974), athnaítear go proifisiúnta í mar Imelda May. Rugadh agus tógtha ins Na Saoirsí, i mBaile Átha Cliath, thosaigh sí a gairm sa cheol ag aois a 16 - ag seinnt le roinnt bannaí ceoil agus ceoltóirí áitiúil - sular bhunaigh sí a banna féin i 2002. Scaoil sí a céad albam, No Turning Back, i 2003 agus bhog sí go Londain sa Ríocht Aontaithe lena fear céile agus giotáraí Darrel Higham i ndiaidh gur scaoileadh é.

Sheinn sí ar an gclár ceoil Later... with Jools Holland ar an mBBC i 2008. Bliain níos déanaí, scaoil sí an t-albam, Love Tattoo (2009).

Scaoileadh a tríú halbam, Mayhem, sa bhliain 2010 agus d'éirigh sí ainnniú a fháil i gcomhair an Choice Music Prize.

Cé go bhfuil aithne uirthi mar amhránaí, seinneann May an bodhrán, giotár, dordghiotár agus an tambóirín chomh maith. Tá aithne ar May i gcomhair a stíl cheoil rockabilly agus déantar comparáid idir ise agus bean ceoltóirí snagcheol ar nós Billie Holiday. Bhuaigh sí an duais Meteor, an 'Ceoltóir Is Fearr' i 2009.

Saol agus Gairm Luath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh May i mBaile Átha Cliath ar 10 Iúil 1974 sna Saoirsí i lár na cathrach. Is í an duine is óige de chúigear - a deirfiúracha Edel Foy agus Maria O'Reilly, agus a deartháireacha Brendan Clabby agus Fintan Clabby. I 1991, d'fhreastail May ar Coláiste Sinsireach Baile Formaid, áit a rinne sí staidéar ar ealaíon, grafaic srl. Bhí an-tionchar ag ceol tíre agus rac is roll uirthi, go háirithe Buddy Holly, Eddie Cochran, agus Gene Vincent. Sula raibh sí naoi mbliana d'aois, bhí sí mar leantóir ar ceol rockabilly agus na gormacha, go háirithe Elmore James agus Billie Holiday. Agus í ceithre bliana déag d'aois, chan sí i bhfógra i gcomhair Findus Fish Fingers; agus dúirt sí le Graham Norton ar a chlár cainte go raibh daoine ag glaoigh "Fish Finger Girls" uirthi agus a cairde ar feadh tamaill. Mar sin féin, thosaigh a gairm agus í 16 nuair a thosaigh sí ag canadh sna clubanna i mBaile Átha Cliath agus ó am go ham ní cheadaítear isteach í ina seónna féin de bharr go raibh sí faoi aois. Dúirt sí go raibh sí ag fail séisín ó na ceoltóirí is fearr i mBaile Átha Cliath. Dúirt ceann dóibh go raibh a guth ar fheabhas ach caithfear é a gharbhú. Timpeall an am seo, bhí a hathair ag tiomáint May go gig, agus í ag caoineadh i ndiaidh scaradh óna mbuachaill, agus chur sé ceist uirthi, "An bhfuil do chrói briste? Iontach. Anois is féidir leat na gormacha a chanadh."

Nuair a bhí sí saRíocht Aontaithe i 1998, chan sí le Blue Harlem agus Mike Sanchez.

Gairm Ceoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh May a gairm proifisiúnta ceoil i 2003. Chruthaigh sí a banna agus scaoil sí No Turning Back , faoi a hainm a bhí uirthi roimh a phós sí,

Scaoil sí a céad albam No Turning Back sa bhliain 2003.

Scaoil sí a dara halbam Love Tattoo ar an 20 Deireadh Fómhair 2008.

Scaoil sí a tríú halbam Mayhem ar an 3 Meán Fómhair 2010.

Scaoil sí a ceathrú albam Tribal ar an 28 Aibreán 2014.

Scaoil sí a cúigiú albam Life Love Flesh Blood ar an 7 Aibreán 2017.

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Phós May le Darrel Higham i 2002 agus tá páiste amháin acu. Rugadh a hiníon, Violet Kathleen Higham, ar 23 Lúnasa, 2012. D'fhógair siad go raibh siad ag scaradh ar an 17 Iúil, 2015.

Is feoilséantóir í May.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baill an bhanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gradaim agus ainmniúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá 2 ghradam buaite ag May. Tá 3 ainmniúchán faighte aici.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]