Ilias Iliou

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Ilias Iliou
Ball den Pharlaimint Heilléanach

1956 - 1967
District: Q12876830 Aistrigh
Ball den Pharlaimint Heilléanach

1974 - 1981
District: Athens A (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Myrina (en) Aistrigh, Bealtaine 1904
Náisiúntacht An Ghréig
Grúpa eitneach Gréagaigh
Bás An Aithin, Eanáir 25, 1985
Muintir
Páistí
Oideachas
Alma mater National and Kapodistrian University of Athens (en) Aistrigh céim bhaitsiléara : dlí-eolaíocht
Teangacha An Ghréigis
Nua-Ghréigis
Gairm
Gairm scríbhneoir, polaiteoir, dlíodóir agus breitheamh
Ballraíocht National Liberation Front (en) Aistrigh
Creideamh
Páirtithe polaitíochta United Democratic Left (en) Aistrigh
United Left (en) Aistrigh
Communist Party of Greece (en) Aistrigh
Progress and Left Forces Alliance (en) Aistrigh
EDA - Eite Clé Daonlathaí Aontaithe[1]

Dlíodóir agus polaiteoir Gréagach ab ea Ilias Iliou (Gréigis: Ηλίας Ηλιού, nó Ēlías Ēlioú; Bealtaine 1904 – 25 Eanáir 1985).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé céim sa dlí a fháil ó Ollscoil na hAithne sa bhliain 1924.[3] Thosaigh sé ag dlíodóireacht i Mitiléine go dtí 1935 agus san Aithin ina dhiaidh sin, áit ar glacadh isteach leis i mBarra an Areios Pagos (an chúirt shibhialta agus choiriúil uachtarach) sa bhliain 1942.

Ós rud é go raibh sé ar an eite chlé sa pholaitíocht (ar dtús mar liobrálach poblachtánach) chuaigh sé isteach san Fhronta um Shaoradh Náisiúnta (EAM) ina raibh na Cumannaithe i gceannas. sa bhliain 1942.

I ndiaidh an tSaortha rinne sé cosaint sna cúirteanna in aghaidh na gcúiseamh a chuir rialtas de chuid na heite deise i leith duine den eite chlé, rud a spreag é dul isteach sa Pháirtí Cumannach sa bhliain 1945.

Bratach ELAS[4]

Coinníodh Iliou nuair a bhí Arm na Breataine tar éis imlonnú mar chúltaca do na Ríogaithe. Díbríodh laistigh den tír é ar feadh níos mó ná ceithre bliana (1947-51) le linn Chogadh Cathartha na Gréige.

Bhí Iliou i measc bhunaitheoirí na hEite Clé Daonlathaí Aontaithe sa bhliain 1951 (ó tharla go raibh cosc ar an bPáirtí Cumannach ag an am sin). Toghadh chun na Parlaiminte an bhliain dár gcionn, cé nár ligeadh dó a shuíochán a thógáil.

Ina dhiaidh sin, bhí sé ina fheisire ó 1956 go 1967 agus ó 1974 go 1981, le tréimhsí mar cheannaire parlaiminte agus uachtarán ar EDA. Bhí sé ina phríosúnach polaitíochta arís ó 1967 go 1971, faoi riail junta míleata na Gréige, a mhair go dtí 1974.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'ainneoin na scoilte doimhne i sochaí na Gréige a tharla mar gheall ar fhorghabháil na tíre, ar an gcogadh cathartha agus ar an deachtóireacht mhíleata, bhí meas ar Iliou as gach taobh sa pholaitíocht agus tugadh urraim dó nuair a d'éag sé sa bhliain 1985 agus ó shin i leith. Go pointe áirithe, tharla sé sin toisc go raibh clú agus cáil ar Iliou mar scoláire clasaiceach, file agus aistritheoir, chomh maith le bheith ina dhlíodóir agus ina pholaiteoir.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "United Democratic Left" (in en) (2019-11-02). Wikipedia. 
  2. "National Liberation Front (Greece)" (in en) (2020-12-22). Wikipedia. 
  3. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Ilias Iliou" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-25.
  4. "Greek People's Liberation Army" (in en) (2020-12-30). Wikipedia.