Iarnród faoi thalamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iarnród faoi thalamh i mBostún, SAM

Córas iarnróid a fheidhmíonn i dtolláin faoin talamh. Tugtar an Tube, an Subway, nó an Métro ar chórais mar seo i gcathracha éagsúla ar fud an Domhain. Tiomáint leictreach a úsáidtear den chuid is mó. Soláthraítear córais faoi thalamh nuair nach féidir dóthain iompair a chur ar fáil ar an dromchla nó lastuas de de bharr brú foirgneamh nó cúinsí comhshaoil. Bíonn sé fíorchostasach iad a thógáil, agus ní dhéantar é ach i gcathracha móra, i gcomhair paisinéirí amháin chun gur féidir an costas a íoc. Tógadh an chéad cheann, Iarnród na Ceannchathrach, i Londain i 1863, ach le hinnill gaile chun na traenacha a thiomáint, ní raibh sé oiriúnach do phaisinéirí faoin talamh. Ba é an chead iarnród praiticiúil faoi thalamh Iarnród na Cathrach is Londan Theas a d'oscail i 1890. Ina dhiaidh sin scaip an coincheap ar fud an Domhain go tapa. Tá an córas is mó i Nua-Eabhrac, 468 stáisiún agus 383 km de línte. I gcóras Londan tá 274 stáisiún agus 392 km de línte.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iarnród faoi thalamh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 360.