Hydra
Hydra | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmniú sealadach | S/2005 P 1 | ||||
Cineál | gealach de chuid Phlútóin | ||||
Fionnachtaí | Alan Stern Marc Buie | ||||
Dáta fionnachtana | 15 Bealtaine 2005, Spásteileascóp Hubble | ||||
Eapainm | Hiodra | ||||
Réad tuismitheora | Plútón | ||||
Sonraí fithiseacha | |||||
Ais mhór a | 64,749 km | ||||
Éalárnacht e | 0.0051 | ||||
Tréimhse fhithiseach P | 38.206 d | ||||
Claonadh i | 0.242 ° | ||||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||||
Ga | 57.5 km | ||||
Méid dhealraitheach (V) | 23.38 (banda V) | ||||
Mais | 50,000,000,000,000,000 kg | ||||
Ailbéideacht | 0.35 [1] | ||||
Teocht an dromchla |
| ||||
Cuid de | Córas Phlútóin |
Satailít nádúrtha de chuid Phlútóin is ea Hydra. B'é Spásteileascóp Hubble a tháinig uirthi i Mí Bhealtaine sa bhliain 2005, san am céanna ar fionnadh Nix. Tá an ghealach seo ag timpeallú Phlútóin, nó meáchanlár chóras Phlútóin, ar fhithis beagnach cruinn ar aon phlána le Carón agus Nix. Tá ga na fithise timpeall 65,000 ciliméadar, agus críochnaíonn Hydra aon chúrsa amháin timpeall an lárphointe in aghaidh 38.2 lá. Níor tomhaiseadh Hydra go fóill, ach creidtear go bhfuil sí idir 40 agus 130 ciliméadar ar trastomhas, agus cé gur measadh ar dtús go mbeadh sí beagáinín níos mó ná Nix, is deacair a rá, dháiríre, an bhfuil.
Scaoileadh an spástaiscéalaí New Horizons chun bóthair i Mí Eanáir 2006, agus tabharfaidh sé cuairt ar Phlútón agus a chuid satailítí sa bhliain 2015.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “NASA FACTS” (Béarla). NASA.
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |