Howard Grubb
Jump to navigation
Jump to search
Ceapadóir is déantóir ionstraimí eolaíochta as Baile Átha Cliath ab ea Howard Grubb (28 Iúil 1844 – 16 Meán Fómhair 1931). Cáiliúil as dearadh is déanamh teileascóp réalteolaíochta do réadlanna ar fud an Domhain (Ard Mhacha, Melbourne, Madras, Maidrid, Meice, Mississippi, agus a lán eile). I 1890–1914 sholáthair a chomhlacht timpeall 90 teileascóp mór. Rinne sé gloiní amhairc gunna agus peireascóip freisin. Sa bhliain 1925 nasc sé le Charles Parsons chun comhlacht nua a chruthú i Newcastle-upon-Tyne.
Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |