Hernán Cortés
Ba thaiscéalaí Spáinneach é Hernán Cortés (1485 - 2 Nollaig 1547) a chuir impireacht na nAstacach i Meicsiceo faoi chois le harm an-bheag. Spreag sé sin daoine eile chun saibhreas an Domhain Nua a lorg dóibh féin.
Luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Cortés i Medellín, Extremadura, an Spáinn sa bhliain 1485 is cosúil.
Sheol a athair é chuig ollscoil Salamanca agus rinne sé staidéar ar dlí ach d'éirigh sé as roimh a chúrsa a chríochnú.
Conquistador
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cosúil le mórán Spáinneach óg eile, thug Cortés aghaidh ar an Domhan Nua. Sa bhliain 1504, shroich sé Santo Domingo, ar an oileán Easpáinneoil.
Bhain Cortés páirt amach i ngabháil Easpáinneola sa bhliain 1506. Bronnadh eastát agus sclábhaithe Indiacha air.
Ansin bhain Cortés páirt amach i ngabháil Chúba i 1511 le Diego Velázquez.
Sa bhliain 1519, bhí Cortés i gceannas ar fhórsa sluaíochta go Meicsiceo. I 1521, ba é Cortés a chloígh na hAstacaigh i Meicsiceo agus a bhunaigh coilíneacht na Nua-Spáinne (Nueva España) ansin.
Scannal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Cortés bean Spáinneach, Catalina Suárez, i gCúba, timpeall 1516. Ach bhí leanbh neamhdhlisteanach aige le bean bhundúchasach, a bhfuil aithne uirthi mar Malintzín, Marina nó La Malinche, timpeall 1522. Feallmharaíodh Catalina Suárez sa bhliain chéanna is cosúil.
Sheol Cortés ar ais go dtí an Spáinn sa bhliain 1528. Bhí air a chuid gníomhartha a chosaint roimh an rí. Rinne Cortés cás éifeachtach agus phós sé bean uasal, Doña Juana Zúñiga.
Turais thaiscéalaíocha eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1524, bhí Cortés i gceannas ar fhórsa sluaíochta go Hondúras agus d'fhan sé ann dhá bhliain. Tháinig sé ar Baja California i 1536.
Sa bhliain 1540, chuaigh Cortés ar scor go dtí an Spáinn agus i 1547, bhásaigh sé i Sevilla ar an 2 Nollaig,
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |