Hans von Dohnanyi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHans von Dohnanyi
Beathaisnéis
Breith1902
Vín, An Ostair Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Aibreán 1945
42/43 bliana d'aois
campa géibhinn Sachsenhausen Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Áit adhlacthaReilig Dorotheenstadt Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Humboldt Bheirlín (1920–1924) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreResistance during World War II (en) Aistrigh
Gairmbreitheamh, dlíodóir, trodaí frithbheartaíochta, saineolaí dlí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
CéileChristine Bonhoeffer Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteChristoph von Dohnányi, Klaus von Dohnanyi Cuir in eagar ar Wikidata
AthairErnő Dohnányi
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 116331952 Cuir in eagar ar Wikidata

Dlíodóir mór le rá sa Ghearmáin, agus gníomhaí frithbheartaíochta le linn réimeas na Naitsithe, ab ea Hans von Dohnanyi (1 Eanáir 1902 – 8 nó 9 Aibreán 1945). Cuireadh é chun báis as a ról, go díreach nó go hindíreach, i gcomhcheilg 20 Iúil 1944 chun Hitler a mharú agus réimeas na Naitsithe a chur as cumhacht.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1924, phós von Dohnányi Christel Bonhoeffer, deirfiúr le Dietrich Bonhoeffer, a cuireadh chun bás in éineacht leis níos déanaí.

Campa géibhinn Sachsenhausen

Fuair von Dohnányi PhD sa dlí i mBeirlín i 1925. Sa bhliain 1929, rinneadh oifigeach in Aireacht Dlí agus Cirt an Reich de, lena n-áirítear tréimhse idir 1934 agus 1938 nuair a bhí sé ina chomhairleoir pearsanta don Aire, Franz Gürtner.

Fíréanta i Measc na Náisiún

Sa bhliain 1934 - tar éis Oíche na Sceana Fada - thosaigh von Dohnányi ag iarraidh teagmháil a dhéanamh leis an bhfreasúra in éadan na Naitsithe. I measc a chuid gníomhaíochtaí, rinne sé iarracht coireanna na Naitsithe a dhoiciméadú. Chuidigh sé le roinnt Giúdaigh éalú go dtí an Eilvéis chomh maith.

Thángthas ar ról von Dohnányi i mí Aibreáin 1943 agus gabhadh é. Aistríodh go dtí campa géibhinn Sachsenhausen an bhliain dár gcionn é. Sa deireadh cuireadh chun báis sa champa é, ar ordú Hitler, mar gheall ar a chuid nasc le cealgairí 20 Iúil.

Oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuimhneachán, 20 Juli 1944, Herbertstraße 2-6, Berlin-Grunewald

Tugtar onóir do von Dohnányi in Iosrael mar dhuine de na Fíréanta i Measc na Náisiún. Tá a ainm inscríofa sna ballaí ag Yad Vashem: Ionad Domhanda Uilelosctha, Iarúsailéim. Bhí sé ina chara scoile agus ina dheartháir céile don diagaire Dietrich Bonhoeffer, a cuireadh chun báis ar an lá céanna, i gcampa géibhinn Flossenbürg.

Sna 1950idí, rinneadh iarrachtaí ar an dlí a chur ar an bpríomh-bhreitheamh agus an t-ionchúisitheoir a raibh lámh acu agus pionós an bháis á ghearradh ar Dohnányi (agus Karl Sack srl). Ach theip ar na hiarrachtaí sa deireadh, toisc gur dhiúltaigh an Bundesgerichtshof dóibh sa bhliain 1956. Dúirt an Chúirt ag an am go raibh na himeachtaí a tionscnaíodh sa bhliain 1945 dleathach.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Hans von Dohnányi agus Karl Sack". Dáta rochtana: 2021.