Dietrich Bonhoeffer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDietrich Bonhoeffer

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Feabhra 1906
Wrocław (Impireacht na Gearmáine)
Bás9 Aibreán 1945
39 bliana d'aois
Campa Géibhinn Flossenbürg (Gearmáin na Naitsithe)
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Áit adhlacthaluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnLiútarachas agus Confessing Church (en) Aistrigh
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Tübingen - diagacht (1923–)
Ollscoil Humboldt Bheirlín - diagacht (–1927)
Union Theological Seminary (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmdiagaire, file, trodaí frithbheartaíochta, fealsamh, sagart paróiste Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Humboldt Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidReinhold Seeberg agus Karl Holl
Faoi thionchar
TeangachaAn Ghearmáinis
Ghlac sé/sí páirt i
1934Universal Christian Council at Fanø 1934 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachBonhoeffer family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMaria von Wedemeyer Weller Cuir in eagar ar Wikidata
AthairKarl Bonhoeffer  agus Paula Bonhoeffer
SiblínChristine Bonhoeffer, Sabine Leibholz-Bonhoeffer, Karl Friedrich Bonhoeffer, Klaus Bonhoeffer agus Ursula Schleicher
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáindbonhoeffer.org Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm7302018 iTunes: 77628575 Musicbrainz: 67d0427c-e209-4083-a1a6-408dcf139640 Discogs: 1664128 Find a Grave: 6616844 Cuir in eagar ar Wikidata

Diagaire Protastúnach de chuid na Gearmáine ab ea Dietrich Bonhoeffer. Saolaíodh i mBreslau ar an 4 Feabhra 1906 é, agus fuair sé bás i gcampa géibhinn Flossenbürg ar an 9 Aibreán 1945.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé amach dintiúirí an dochtúra le diagacht nuair nach raibh ach ceithre bliana fichead d'aois slánaithe aige. Chaith sé seal sna Stáit Aontaithe agus sa Spáinn, sula bhfuair sé oifig eaglasta.

Na Naitsithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a tháinig na Naitsithe i gcumhacht sa Ghearmáin, bhí sé ón tús go tréan in aghaidh an fhrith-Ghiúdachais, agus é ag cur go misniúil i gcoinne iarrachtaí na Naitsithe a n-idé-eolaíocht féin a chur i bhfeidhm ar eaglais Phrotastúnach na Gearmáine. Sa bhliain 1938, chuaigh sé leis an gcomhcheilg in aghaidh Hitler. Bhí sé ina eagraí mór i saol na heaglaise agus é i gceannas ar sheimineár rúnda diagachta i mblianta an Naitsíochais.

Zionskirche in Berlin-Mitte

Sa bhliain 1940, choisc na Naitsithe air óráidí poiblí a thabhairt, agus go gairid ina dhiaidh sin, choisc siad air freisin scríbhneoireacht a dhéanamh. Ar an 5 Márta 1943, rinneadh príosúnach de.

Comhcheilg agus bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ghlac Bonhoeffer páirt ghníomhach i gcomhcheilg Stauffenberg ar 20 Iúil 1944 in aghaidh Hitler, cé go raibh sé ina chime cheana féin nuair a cuireadh iarracht mharaithe an deachtóra i gcrích.

Crochadh Bonhoeffer ar 9 Aibreán 1945 i gcampa géibhinn Flossenbürg, in éineacht le Karl Sack agus agus an lucht comhcheilge eile.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fáithe an Fichiú hAois (FÁS) le Séamus Ware. Cuntais ghonta ar laochra Críostaí a sheas ar son an chirt san aois seo caite atá ann, Dietrich Bonhoeffer san áireamh.
  • an saothar Críostaí le Dietrich Bonhoeffer, ‘The cost of discipleship’[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Cost of Discipleship" (as en) (2021-03-13). Wikipedia.