Jump to content

Karl Sack

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKarl Sack

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Meitheamh 1896
Bosenheim Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Aibreán 1945
48 bliana d'aois
Campa Géibhinn Flossenbürg Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Crochadh)
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, trodaí frithbheartaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Phobal na Gearmáine Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Teaghlach
CéileHelle Sack Cuir in eagar ar Wikidata

Breithiúnach sa Ghearmáin, agus gníomhaí frithbheartaíochta le linn réimeas na Naitsithe, ab ea Karl Sack (9 Meitheamh 1896 i mBad Kreuznach - 9 Aibreán 1945 i Flossenbürg). Cuireadh é chun báis as a ról, go díreach nó go hindíreach, i gcomhcheilg 20 Iúil 1944 chun Hitler a mharú agus réimeas na Naitsithe a chur as cumhacht.[1]

Rinne Sack staidéar ar an dlí in Ollscoil Heidelberg.

Bhí sé ina chúntóir breithiúnach - nó ina bhreitheamh sna cúirteanna sibhialta - go dtí 1934. Aistríodh ansin go Reichskriegsgericht (Cúirt Mhíleata Reich) é.[1] Rinneadh Ard-Abhcóide Breithiúnais an Airm de sa bhliain 1942.

Bhí Sack i dteagmháil leis an lucht frithbheartaíochta san Arm le linn an chogaidh. Ghlac sé páirt i bplota 20 Iúil. Bhí Sack ainmnithe le bheith ina Aire Dlí agus Cirt sa rialtas nua.[1]

Cuimhneachán Karl Sack i gCampa géibhinn Flossenbürg

Gabhadh é sa bhliain 1944. Sa deireadh cuireadh é chun báis sa champa géibhinn Flossenbürg, ar ordú Hitler, mar gheall ar a chuid nasc le cealgairí 20 Iúil.

Campa géibhinn Flossenbürg
Cuimhneachán, 20 Juli 1944, Herbertstraße 2-6, Berlin-Grunewald

Ceistíonn roinnt daoine an ómós a tugadh dó as a bheith ina bhall den lucht frithbheartaíochta, toisc gur bhain sé ciall leathan, agus é ina bhreitheamh míleata, as coir tréigin agus gur gearradh pionós an bháis ar a lán daoine dá bharr sin.

Básaíodh Dietrich Bonhoeffer ar an lá céanna

Sna 1950idí, rinneadh iarrachtaí ar an dlí a chur ar an bpríomh-bhreitheamh agus an t-ionchúisitheoir a raibh lámh acu agus pionós an bháis á ghearradh ar Sack, Dohnányi agus lucht comhcheilge eile. Ach theip ar na hiarrachtaí sa deireadh, toisc gur dhiúltaigh an Bundesgerichtshof dóibh sa bhliain 1956. Dúirt an Chúirt ag an am go raibh na himeachtaí a tionscnaíodh sa bhliain 1945 dleathach.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Hans von Dohnányi agus Karl Sack". Dáta rochtana: 2021.