Gráinne Ní Mháille

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGráinne Ní Mháille

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1530
Contae Mhaigh Eo (Tiarnas na hÉireann)
Bás1603
72/73 bliana d'aois
Contae Mhaigh Eo (Ríoghacht Éireann)
Gníomhaíocht
Gairmfoghlaí mara Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois
TeangachaTeangacha Gaelacha, an Laidin, an Fhraincis, an Spáinnis agus an Ghréigis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtCogadh na Naoi mBliana
Teaghlach
CéileRisdeárd an Iarainn Búrc Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteTiobóid na Long de Búrca Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEoghan Ó Máille

Ba í Gráinne Ní Mháille (c. 1530 – c. 1603) taoiseach a gcineáil i gCúige Connacht.[1][2] Bhí sí ina tánaiste ag a hathair, Eoghan Dubhdara Ó Máille.

Nuair a cailleadh a hathair chuaigh sí i gceannas an tiarnais ar muir agus ar tír, cé go raibh deartháir, Dónall an Phíopa, aici. In 1546 phós sí Dónal an Chogaidh Ó Flaithbheartaigh, rud a mhéadaigh a cumhacht agus a maoin: dúradh go raibh suas le míle beithíoch agus capall aici. In 1593, nuair a ghabh Richard Bingham, gobharnóir Chúige Connacht, a mic Tiobóid a Búrc agus Murchadh Ó Flaithbheartaigh agus a leasdeartháir Dónal an Phíopa, chuaigh sí go Sasana ar bord loinge chun a iarraidh go scaoilfí saor iad. Thug sí an t-iarratas d’Eilís I i bPálás Greenwich.

Beatha

Rugadh Ní Mháille le linn Éinrí VIII, nuair a bhí claonadh ag Sasana chun na tiarnaí Gaelacha a fhágáil ar a gconlán féin. Bhain mhuintir Mháille a mbeatha as an muir, agus thóg siad a lán caisleán ar an gcósta, leithéid Chaisleán Chill Damhnait. Ghearr siad cáin ar iascairí, fiú ar iascairí as Sasana féin. Bhí an chuid is mó de bharúnacht Mhuraisce in iardheisceart Chontae Mhaigh Eo faoi smacht acu[3] agus bhí Mac Uilliam Íochtair (de Búrca) in ainm a bheith mar ardtiarna acu. Ba í Gráinne an t-aon duine clainne amháin a bhí ag Dubhdara agus ag Méadhbh Ní Mháille.

Dúirt an béaloideas go raibh fonn ar Ghráinne imeacht chun na Spáinne lena hathair ar thuras trádála ach gur diúltaíodh di toisc go rachadh a folt i bhfostú sna téada; ghearr sí an chuid is mó dá gruaig chun go dtabharfadh a hathair leis í le teann náire. Deirtí gur as seo a tháinig an leasainm Gráinne Mhaol. Ach d’fhéadfadh "Maol" teacht ó Umhaill (ceantar in iarthar Chonnacht a bhí faoi smacht ag muintir Mháille).[4]

Pósadh

Cliara, oileán a luaitear le Gráinne Ó Máille

Rug Gráinne triúr clainne:

  • Eoghan:[5] An duine ba shine den chlann agus clú na macántachta air. Thug an Ridire Richard Bingham a bhás agus ghabh a chaisleán.
  • Méadhbh:[6] Clú uirthi go raibh sí an-chosúil lena máthair. Phós sí Risteard Deamhan an Chorráin a Búrc agus rug a lán páistí dó. Deirtear go raibh Gráinne agus Deamhan an Chorráin an-mhór le chéile agus gur shábháil sé ar an mbás í cúpla uair.
  • Murchadh:[7] Deirtí gur dhual athar do Mhurchadh an sult a bhain sé as an gcogaíocht. Is minic a bhuail sé Méadhbh agus a thug chluas bhodhar dá máthair toisc gur bhean í. Deir a lán foinsí gur fheall sé ar a mhuintir agus gur thaobhaigh sé le Bingham tar éis mharú Eoghain. Nuair a chuala Gráinne é sin thug sí an leabhar nach labhrodh sí leis go deo arís, agus is minic a mhaslaigh sí é.

In 1565 mharaigh naimhde Dhónaill é agus é ag sealgaireacht sna sléibhte timpeall Loch Coirib, rud a tharla de thoradh é féin agus na Seoighigh a bheith i gcochall a chéile i ngeall ar Chaisleán na Circe ar an loch. D’fhill Gráinne ar a tailte féin agus chuaigh chun cónaithe ar Chliara. Deirtear gur ghlac sí chuici mairnéalach longbhriste (Aodh de Léis) mar leannán ach gur ghearr a sheal sular mharaigh Mathúnaigh Bhaile Bhóidh é. D’ionsaigh Gráinne Dún Átha, caisleán de chuid na Mathúnach ag Cuan an Fhóid Duibh agus mharaigh lucht maraithe Dhónaill ar Oileán na Cathrach.[8] Tar éis bhás Dhónall an Chogaidh d’fhág Gráinne ceantar Iar-Chonnacht agus d’fhill ar a fód féin maille le roinnt mhaith Flaitheartach.[9]

Pósadh le Risteárd an Iarainn

Caisleán Charraig an Chabhlaigh

Faoin mbliain 1566 bhí Gráinne pósta arís, an uair seo le Risdeárd an Iarainn a Búrc, fear a fuair a leasainm ó cheárta iarainn ag Buiríos Umhaill, a áit chónaithe.[10] Rugadh Tiobóid na Long, 1ú Bíocunta Mhaigh Eo, dóibh.

Bhí sí ag iarraidh díoltais fós ar na Mathúnaigh. D’ionsaigh sí Caisleán Dhún Átha arís agus ghabh é.[11] D’ionsaigh an Sirriam Uilliam Óg Martyn ó Ghaillimh a caisleán féin ar Chliara i Mí Mhárta 1579. Cuireadh an ruaig ar a bhuíon.

In 1593, i litir a shéan na drochghníomhartha a chuir Gráinne síos dó, dúirt an Ridire Richard Bingham gur dhuine í a chothaíodh ceannairc mar "nurse to all rebellions in the province for this forty years".[12][13]

Breis is fiche bliain tar éis a báis, chuimhnigh Fear Ionaid ar an gcumas a bhí inti mar cheannasaí catha agus ar an gcáil a bhí uirthi fós i measc na nÉireannach.[14][15]

Ag caint leis an mBanríon

In 1593, nuair a ghabh Richard Bingham, gobharnóir Chúige Connacht, a mic Tiobóid a Búrc agus Murchadh Ó Flaithbheartaigh agus a leasdeartháir Dónal an Phíopa, chuaigh Gráinne chun Sasana chun a iarraidh go scaoilfí saor iad. Chuir Eilís I liosta ceisteanna chun Gráinne agus cuireadh na freagraí ar ais chun na Banríona. Bhuail siad le chéile ag Pálás Greenwich agus gúna breá ar Ghráinne.[16]

Rinne siad a gcomhrá i Laidin, mar ní raibh Béarla ag Gráinne ná Gaeilge ag Eilís. Rinne siad socrú: bhainfí Bingham dá phost agus stadfadh Gráinne de chabhrú leis na tiarnaí reibeiliúnacha in Éirinn, i measc rudaí eile. Ach ba ghearr gur tháinig Bingham ar ais agus theip ar Ghráinne seilbh a fháil ar an eallach agus an talamh a bhain Bingham di. Thaobh sí leis na hIarlaí i gCogadh na Naoi mBliana.

Is dócha go bhfuair sí bás i gCaisleán Charraig an Chabhlaigh timpeall 1603, bliain bhás Eilíse féin. Ba ghnách a muintir a chur i Mainistir Chliara.

Foinsí

Ó fhoinsí Béarla a thagann an chuid is mó den fhianaise i dtaobh bheatha Ghráinne Ní Mháille, mar ní luaitear sna hannálacha í. Níl fáil anois ar “leabhar” a muintire, bailiúchán dánta agus ábhair eile den chineál ba ghnách le teaghlaigh uaisle a choinneáil. Níl íomhánna di le fáil a rinneadh lena linn.

Tá eolas go leor le fáil sna "Articles of Interrogatory", ocht gceist déag a breacadh síos ar son na Banríona.[17] Luaitear i bPáipéir Stáit Shasana agus i gcáipéisí eile dá leithéid í, agus sampla de sin is ea litir a chuir an Fear Ionaid Sir Henry Sidney chun a mhic Phillip in 1577: "There came to mee a most famous femynyne sea captain called Grace Imallye, and offred her service unto me, wheresoever I woulde command her, with three gallyes and two hundred fightinge men..."[18]

Bhailigh Seán Ó Donnabháin béaloideas ina taobh sna 1830í agus sna 1840í ar son Suirbhéireacht Ordanáis na hÉireann. I litir a scríobh sé in 1838 deir sé go bhfuil sí "most vividly remembered by tradition and people were living in the last generation who conversed with people who knew her personally".

Charles Cormick of Erris, now 74 years and six weeks old, saw and conversed with Elizabeth O'Donnell of Newtown within the Mullet, who died about 65 years ago who had seen and intimately known a Mr Walsh who remembered Gráinne. Walsh died at the age of 107 and his father was the same age as Gráinne.[19]

Deir scéal amháin gur thug Gráinne leadhbairt mhaith den teanga dá mac Tiobóid i rith ionsaí ar Chaisleán Cheann Toirc nuair a shíl sí go raibh sé ag loiceadh na troda: "An ag iarraidh dul i bhfolach ar mo thóin atá tú, an áit a dtáinig tú as?".[20] Dúirt sí freisin, más fíor, "go mb'fhearr léi lán loinge de chlann Chonraoi agus de chlann Mhic an Fhailí ná lán loinge d'ór".[20]

Féach freisin

Tiobóid na Long

Long fhada na hÉireann

Tagairtí

  1. "O'Malley, Gráinne (fl. 1577–1597)". Oxford Dictionary of National Biography (2008).
  2. "LITRÍOCHT BHÉIL: Gráinne Ní Mháille" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-11-23.
  3. Chambers, Anne (2003). Ireland's Pirate Queen: The True Story of Grace O'Malley. New York: MJF Books, lch 20. ISBN 978-1-56731-858-6
  4. Chambers 2003, lch 57
  5. Chambers 2003, lch 44
  6. Chambers 2003, lch 44
  7. Chambers 2003, lch 44
  8. "Dictionary of Irish Biography - Cambridge University Press".
  9. Chambers 2003, lch 45
  10. Chambers 2003, lch 63
  11. Chambers 2003, lch 55-56
  12. Chambers 2003, lch 52
  13. Lambeth Palace Library MS 601, lch 111
  14. Chambers 2003, lch 53
  15. Calendar of State Papers Relating to Ireland (James I) 1623, no. 997. (London 1860–1912)
  16. Chambers 2003
  17. Féach an forábhar in Chambers, 2003.
  18. Lambeth Palace Library, lámhscríbhinn 601, lch 10, luaite in Chambers 2003, lch 85
  19. Gaisford St Lawrence Papers, luaite in Chambers 2003, lch 73
  20. 20.0 20.1 Ordnance Survey Letters, Mayo, vol. II, luaite in Chambers 2003, litriú nuachóirithe.