Jump to content

Cuan an Fhóid Duibh

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachCuan an Fhóid Duibh
Íomhá
CineálBá Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165939 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Mhaigh Eo, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 54° 05′ N, 10° 01′ O / 54.08°N,10.02°W / 54.08; -10.02

Is cuan ar chósta na hÉireann é Cuan an Fhóid Duibh (Béarla: Blacksod Bay). Tá sé suite in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo, idir an míntír agus leithinis An Mhuirthead. Tá sé 16km ar fad. Tá teach solais ann.

I dteanta le Loch Raithin ar an leithinis, tá bánna agus góilíní an chuain seo agus Cnocán na Líne ina Limistéar Cosanta Speisialta. Lasmuigh den LCS, tá lár an chuain le fad na leithinse ina chuid de Limistéar Caomhantais Speisialta.

Bhí ról cinniúnach ag bean an phoist i gCuan an Fhóid Dhuibh, Maureen Flavin Sweeney (1923 –2023), i stair D-Day sa bhliain 1944. Is í a bhí ag taifeadadh na léamha ón mbaraiméadar agus an teirmiméadar ag stáisiún aimsire Chuan an Fhóid Dhuibh. Cé go raibh seasamh neodrach againn sa chogadh, bhí cead tugtha ag Éamon de Valera leis na toisí aimsire a roinnt leis na Comhghuaillithe.

Cuan an Fhóid Dhuibh

Ar an 5 Meitheamh, 1944, a bhí an t-ionadh mór beartaithe ag Eisenhower i dtosach báire, ach cuireadh ar athló é tar éis do Maureen a thuairisciú go raibh titim mhór sa lagbhrú ar an 3 Meitheamh. Thug sé seo le fios dóibh go raibh stoirm ar an mbealach. Socraíodh D-Day a chur siar go dtí an 6 Meitheamh, 1944, dá bharr.[1]

  1. San áireamh: Trá Fheorainn Uí Eo, Cuan Oilí, An Sáilín, Cuan na Trá Móire, Bá Thulacháin; An Cuan Caoch, Sruth Fada Con.
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "bánna" defined in <references> is not used in prior text.
  1. ↑ Bridget Bhreathnach (4 Meitheamh 2026). "Cara sa chúirt ag Conan O’Brien, stair sheoladh TnaG ar ‘World Service’ an BBC" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-06-04.
  2. "Cuan an Fhóid Duibh". Bunachar Logainmneacha na hÉireann (logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 24ú Iúil 2025.
  3. "Blacksod Bay/Broad Haven SPA". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 24ú Iúil 2025.
  4. "Mullet/Blacksod Bay Complex SAC". An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dáta rochtana: 24ú Iúil 2025.[nasc briste go buan]
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "logainm" defined in <references> is not used in prior text.
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "lcs" defined in <references> is not used in prior text.
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "las" defined in <references> is not used in prior text.