Oileán na Cathrach
Cuma
| (ga) Oileán na Cathrach | ||||
| Cineál | Oileán agus baile fearainn | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Cuan Mó | |||
| Suite laistigh de/ar ghné fhisiciúil | Cuan Mó | |||
| Logainm.ie | 36980 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Contae Mhaigh Eo, Éire | |||
| ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | |||
| Codanna | ||||
| Tréithe | ||||
| Toisí | 0.6 ( | |||
| Achar | 0.52 km² | |||
Is oileán Éireannach í Cathair na Naomh nó Oileán na Cathrach.[1] Tá sé suite amach ó chósta iardheisceart Chontae Mhaigh Eo idir an tOileán Chliara ó thuaidh agus Inis Toirc ó dheas. Níl éinne ina chónaí ar an oileán an lá atá inniu ann.
Bhí mainistir ar an oileán go luath i ré na Críostaíochta agus tá iarsmaí de shéipéal agus de na ballaí timpeall air le feiceáil go fóill, in éineacht le roinnt leac greanta. Ceaptar go bhfuil a rian de dhíthreabha manach ón seachtú haois ar an oileán freisin.
Déantar oilithreacht go dtí an t-oileán leis na cianta, go mór mhór ar an 15ú Lúnasa, 's é sin, ar Lá Fhéile Muire Mór. Sroichtear an t-oileán ar bhád as Inis Toirc, de ghnáth.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Oileán na Cathrach/Caher Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
