Joseph Goebbels

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Goebbels)
Infotaula de personaJoseph Goebbels

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(de) Paul Joseph Goebbels
29 Deireadh Fómhair 1897
Rheydt Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Bealtaine 1945
47 bliana d'aois
Führerbunker Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Tráma balaistíoch agus nimhiú ciainíde)
Áit adhlacthaEhle Cuir in eagar ar Wikidata
Reichskanzler
30 Aibreán 1945 – 1 Bealtaine 1945
← Adolf HitlerLutz Graf Schwerin von Krosigk (en) Aistrigh →
Reichsminister für Volksaufklärung und Propaganda
13 Márta 1933 –
Gauleiter Beirlín
9 Samhain 1926 – 1 Bealtaine 1945
← Ernst Schlange (en) AistrighDeireadh an phoist →
Ball de Reichstag na Gearmáine Naitsíoch
Ball de Reichstag Phoblacht Weimar
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCaitliceach neamhchleachtach
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Bonn
Ollscoil Freiburg
Ollscoil Heidelberg - dochtúireacht
Ollscoil Würzburg Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Comhairleoir dochtúireachtaMax Freiherr von Waldberg
Meáchan63 kg
Airde1.65 m Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileDúdhonn
Dathán gruaigeGruaig chiardhonn
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Beirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, bolscaire, tuathghríosóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na Naitsithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidMax Freiherr von Waldberg
TeangachaAn Ghearmáinis
Teaghlach
CéileMagda Goebbels (1931–1945) Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíLída Baarová Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteHelga Susanne Goebbels
 ( Magda Goebbels)
Holdine Kathrin Goebbels
 ( Magda Goebbels)
Heidrun Elisabeth Goebbels
 ( Magda Goebbels)
Helmut Christian Goebbels
 ( Magda Goebbels)
Hildegard Traudel Goebbels
 ( Magda Goebbels)
Hedwig Johanna Goebbels
 ( Magda Goebbels) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0324305 iTunes: 217725681 Musicbrainz: d99b03a4-fa7d-4a17-af50-b0d195d28f92 Discogs: 1568862 Find a Grave: 6656 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Paul Joseph Goebbels (29 Deireadh Fómhair 18971 Bealtaine 1945) ina aire bolscaireachta sa Ghearmáin nuair a bhí an Naitsíochas i réim, agus Adolf Hitler ina dheachtóir. Bhí cáil, nó míchlú, ar Ghoebbels mar fhear mór óráidíochta a raibh cúrsaí an fhrith-Ghiúdachais agus na hidé-eolaíochta Naitsíche i mbarr a theanga aige i dtólamh.

Iúil 1932, Beirlín

Ós rud é go raibh sé ar dhuine de cheannairí móra na Gearmáine i dtréimhse an Naitsíochais, bhí sé an-fhreagrach as ainghníomhartha agus coireanna an rialtais Naitsíoch, cosúil leis an Uileloscadh agus Oíche na Gloine Briste. Deirtear go raibh sé ar dhuine den triúr ba mhó cumhachta sa Ghearmáin i rith an Dara Cogadh Domhanda, in éineacht le Hitler féin agus le Heinrich Himmler.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

1933

Bhí dochtúireacht ag Goebbels ó Ollscoil Heidelberg, áit a ndearna sé staidéar ar dhrámaíocht na seachtú haoise déag.

I ndiaidh dó a chéim ollscoile a bhaint amach sa bhliain 1921, chuaigh sé ag obair ina iriseoir, ina chléireach bainc agus ina scairteoir stocmhalartáin.

Bhí sé ag breacadh síos scéalta agus drámaí san am sin, ach is fuar an fháilte a fuair a chuid scríbhinní ó na foilsitheoirí.

Naitsíochas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Goebbels i dteagmháil le páirtí na Naitsithe sa bhliain 1923, nuair a bhí an páirtí ag cur in aghaidh na bhFrancach agus iad siúd ag forghabháil cheantar tionsclaíochta iarthar na Gearmáine.

25 Lúnasa 1934

Chuaigh Goebbels sa pháirtí sa bhliain 1924, agus rinneadh Gauleiter nó ceannaire réigiúnda de chuid an pháirtí de. Bhí sé freagrach as craobh Bheirlíneach an pháirtí.

Thabhaigh a scileanna óráidíochta agus an cath a chuir sé ar na Sóisialaithe agus ar na Cumannaigh sa chathair an-chéimíocht dó sa pháirtí.

Rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuair a shealbhaigh na Naitsithe an chumhacht sa Ghearmáin sa bhliain 1933, bronnadh céim an Aire Bolscaireachta air. B'eisean a d'eagraigh loscadh na leabhar "frith-Ghearmánach" i bPlás Bebel i mBeirlín, agus chuir sé nuachtáin agus meáin chumarsáide eile na Gearmáine faoi dhiansmacht na Roinne Bolscaireachta. Bhí sé go mór mór ag gríosú na ndaoine chun frith-Ghiúdachais fosta, go háirithe le linn Oíche na Gloine Briste.

Bhí Goebbels ag tacú leis an gcogadh go fíochmhar ó thús, agus é ina fhear mór scéiméireachta a bhain amach an-chumhacht i bpáirtí na Naitsithe leis an liom-leatachas a chleachtaíodh sé. Fiú nuair a bhí an cogadh ag teip ar an nGearmáin, ní dhearna Goebbels ach áitiú ar an náisiún glacadh le slógadh agus míleatú iomlán na tíre. Níor thréig sé Hitler riamh.

Féinmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Magda Goebbels, Joseph Goebbels agus an chlann, Helga, Hildegard, Helmut, Hedwig, Holdine agus Heidrun. 1 Eanáir 1944;; Harald Quandt i lár[1]

Nuair a chuir an deachtóir lámh ina bhás féin, b'é Goebbels an fear a roghnaigh sé mar chomharba, mar "Seansailéir den Reich". Ach níor chaith an bolscaire mór ach aon lá amháin ina Sheansailéir.

An chéad lá i ndiaidh bhás Hitler, thug bhean chéile Goebbels, Magda, nimh dá seisear clainne.[1] B'éigean don chailín  is sine (Helga, 12) capsúl ciainíde a shlogadh siar in éadan a tola.[2]

Nuair a bhí na páistí tar éis bháis, chuir na tuistí lámh ina mbás féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Goebbels children" (as en) (2019-04-30). Wikipedia. 
  2. "Bruises found on her body postmortem (mostly on her face) led to wide speculation that she had struggled against receiving a cyanide capsule, which was used to kill her by crushing it between her teeth."