Giacomo Matteotti
Polaiteoir sóisialach Iodálach ab ea Giacomo Matteotti ( 22 Bealtaine 1885 – 10 Meitheamh 1924). Ar 30 Bealtaine 1924, labhair sé go hoscailte i bParlaimint na hIodáile (Parlamento italiano) ag líomhain go ndearna na faisistithe Iodálacha calaois in olltoghchán na hIodáile sa bhliain 1924, agus cháin sé an foréigean a d'úsáid siad chun vótaí a fháil. Aon lá dhéag ina dhiaidh sin, fuadach agus mharaigh Faisistigh é.
Gairm pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Matteotti i dteaghlach saibhir, i Fratta Polesine, Cúige Rovigo i Veneto . Bhain sé céim sa dlí amach in Ollscoil Bologna .
Bhí sé ina aindiachaí [1] agus go luath ina ghníomhaí sa ghluaiseacht sóisialach agus i bPáirtí Sóisialach na hIodáile (Partito Socialista Unitario (PSU)), chuir sé i gcoinne na hIodáile páirt a ghlacadh sa Chéad Chogadh Domhanda (agus imtheorannaíodh é sa tSicil le linn na coinbhleachta ar an gcúis sin).
Toghadh é ina ionadaí trí huaire: i 1919, 1921 agus 1924 .
Mar dheisceabal de chuid Filippo Turati, rinneadh ceannaire den Pháirtí Sóisialach Aonadach leasaitheach (PSU) de i Teach na dTeachtaí ,(Camera dei deputati) tar éis dó Páirtí Sóisialach na hIodáile (Partito Socialista Italiano), a bhí níos radacaí, a fhágáil.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Antonio G. Casanova, Matteotti. Una vita per il socialismo, Bompiani, Milan, 1974, p. 90.