Gerry Hutch
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 11 Aibreán 1963 63 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | coirpeach |
Coirpeach is ea Gerry (Gerard) Hutch, nó 'The Monk' (a rugadh ar 12 Aibreán 1963).[1][2][3]
Bhí achrann ann idir na buíonta Hutch agus Kinahan ar feadh na mblianta, agus plá na ndrugaí ar na sráideanna i mBaile Átha Cliath. Ba é Gary Hutch, deartháir le Gerry, an chéad duine a dúnmharaíodh san aighneas idir buíonta coirpeach Hutch agus Kinahan.[4][5] Maraíodh timpeall 18 eile san aighneas idir an dá bhuíon coiriúlachta, idir 2014 - 2020[6]



Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Agus é sna déaga bhain Hutch cáil amach dó féin mar ghadaí agus é i gceannas ar an mbuíon, na Bugsy Malones., i gCnoc an tSamhraidh agus ar Shráid Sheáin Mhic Dhiarmada sna 1960idí. Ceantar fé mhíbhuntáiste agus áit a bhí beag beann ar an dlí.[7]
Fear é Hutch nár thaithigh an tigh tábhairne an oiread sin agus sin an chúis gur bhaist an Gaeilgeoir Harry McGee ‘The Monk’ air. Fear é a bhí, agus atá, deas ar a bheith ag cliúsaíocht leis na meáin.
Bhí sé ciontaithe 30 babhta faoin tráth go raibh an scór bliain slánaithe aige agus creid é nó ná creid, níor ciontaíodh é in aon rud ó 1983 i leith. D’éirigh an choiriúlacht níos cliste, níos sofaisticiúla agus níos foréigní.
Chuaigh an Biúró um Shócmhainní Coiriúla sa tóir air sna 1990idí ach d'éirigh leis na cosa a thabhairt leis agus dul ar scor faoin ngrian sna hOileáin Chanáracha.
Bhí Hutch sna 2010idi ag bogadh go rialta ó áit go háit ar Mhór-roinn na hEorpa; bhí teach mór aige sa Spáinn fiú.[8]
In 2015 dúnmharaíodh a nia Gary go brúidiúil in Fuengirola na Spáinne. Léiriú fuilteach go raibh cothromaíocht na cumhachta coiriúlachta ag athrú ag an am agus an lámh in uachtar á fáil ag muintir Kinahan.[7]
Ba iad eachtraí 2015 a thug ar ais i lár an aonaigh é agus tugadh léiriú críochnúil, corraitheach ar an ionsaí marfach a deineadh ar Óstán a Regency in 2016. Ar 14 Meán Fómhair 2016, cuardaíodh cúig áit ar an Costa Del Sol, áit a raibh muintir Kinahan lonnaithe chomh maith.[9][10][11][12][13][14][15][16]
2021
Ar 20 Aibreán 2021, bhí barántas gabhála Eorpach eisithe ag an Ard-Chúirt i gcomhair Hutch, le cur ar a thriail faoin ionsaí lámhaigh in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2016, inar maraíodh fear.[17]
- Rinne an Spáinn Hutch a eiseachadadh chun na hÉireann i mí Meán Fómhair 2021. Ag an éisteacht eiseachadta sa Spáinn, mhaígh Gerry Hutch nach mbeadh sé sábháilte aige filleadh ar Éirinn mar go raibh buíonta coirpeach abhus ag féachaint lena mharú ǃ[18]
Tháinig Hutch go Aeradróm Mhic Easmainn in iarthar Chontae Bhaile Átha Cliath ar eitleán le hÓglaigh na hÉireann ar 29 Meán Fómhair 2021 agus cuireadh ar a thriall é.[19]
2023
Ar 18 Aibreán 2023, fuarthas neamhchiontach Gerry Hutch i ndúnmharú. Dúirt na breithiúna cé gur thug cuid den fhianaise sa triail le tuiscint go mb'fhéidir gur thug Gerard Hutch a bheannacht don ionsaí lámhaigh, nárbh in le rá go raibh sé féin ar an mball ná páirteach ann go pearsanta.[20]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Iarrthóir san Olltoghchán 2024 i mBaile Átha Cliath Láir, bhí Hutch thart os cionn 5,000 vóta chun cinn ar Marie Sherlock (LO) ag tráth amháin. Bhí an tuairim ann go bhféadfadh Hutch an 4ú suíochán a bhuachan. Ach fuair Sherlock dóthain aistriúchán leis an suíochán deiridh sin a thabhairt léi.[21]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Coirpeach aitheanta Noel Duggan maraithe i gCo na Mí, Nuacht RTE
- Beirt gafa maidir le dúnmharú Noel Kirwan i mBÁC, Nuacht RTE
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Paul Williams (2020-10-22). "The Monk: The Life and Crimes of Ireland's Most Enigmatic Gang Boss" (as en). Atlantic Books.
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-03-03). "Gardaí dóchasach go mbainfear an bonn de bhuíonta coiriúla" (as ga).
- ↑ Foinsí RTÉ / cuardach Google:. "site:.rte.ie "hutch" kinahan "agus" - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2021-10-05.
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-09-14). "Láithreacha cuardaithe ag Gardaí agus ag póilíní ón Spáinn" (as ga).
- ↑ (2022-02-04). "Gary Hutch pictured in Daniel Kinahan gym months before Cartel ordered him dead" (en-ie). The Irish Sun. Dáta rochtana: 2023-04-12.
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-07-29). "Téarmaí príosúin gearrtha ar bheirt de bhuíon Kinahan" (as ga).
- 1 2 Breandán M Mac Gearailt (17 Feabhra 2025). "An Manach agus na mangairí – coincheap casta an ‘ordinary decent criminal’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-19.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-04-20). "Barántas gabhála Eorpach eisithe i gcomhair Gerard Hutch" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2020-08-31). "Beirt de bhuíon coiriúlachta Kinahan curtha go príosún" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-03-16). "Fear óg sa chúirt faoi dhúnmharú in aighneas Hutch-Kinahan" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2018-11-16). "'Baint ag dúnmharú fir i gCill Dara le haighneas Kinahan-Hutch' / Clive Staunton" (as ga).
- ↑ Nuacht RTE (2019-07-15). "Ciontú suntasach atá i mbaill bainteach le buíon Kinahan - Gardaí / Declan Brady, Alan Wilson, Glen agus Gary Thompson" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2019-03-06). "Fear gafa faoi mharú Kane McCormack" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-05-20). "Fear ciontaithe i ndúnmharú Dhaithí Douglas / Lee Canavan," (as ga).
- ↑ "Stop curtha ag Gardaí le hiarracht duine de lucht Hutch a mharú" (as en) (2018-03-15).
- ↑ Nuacht RTÉ (2018-01-31). "Fear a raibh baint aige le lucht Hutch caite i mBaile Átha Cliath / Jason Molyneux" (as ga).
- ↑ Lámhachadh agus maraíodh David Byrne, 34 bliain, in Óstán an Regency i nDroim Conrach ar an 5 Feabhra 2016.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-09-29). "Gerry Hutch á eiseachadadh go hÉirinn tráthnóna" (as ga).
- ↑ Paul Reynolds / RTÉ news (2023-01-20). "Hutch trial hears alleged admission meeting 'possible'" (as en).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-04-17). "Hutch faighte neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne" (as ga).
- ↑ "Is le Sherlock an 4ú suíochán i mBÁC Láir;Hutch caillteach" (as ga) (2024-11-30).