Dúnmharú David Byrne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharú David Byrne
Íomhá
Map
 53°22′39″N 6°14′45″W / 53.3774°N 6.24593°W / 53.3774; -6.24593
Cineáldúnmharú
ionsaí lámhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deHutch–Kinahan feud (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana5 Feabhra 2016 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSord, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachDavid Byrne (Irish criminal) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe2 Cuir in eagar ar Wikidata
ArmPistol Mitralieră model 1963/1965 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Dúnmharaíodh David Byrne, 33, in Óstán an Regency (an Bonnington Hotel inniu) i mBaile Átha Cliath ar an 5 Feabhra 2016. Bhí comórtas dornálaíochta ar siúl san óstán ag an am. Achrann idir buíonta coirpeacha ba chúis lena bhás.[1][2] Sna míonna ina dhiaidh sin, bhí seisear fear eile maraithe san easaontas idir dhá bhuíon coirpeach, Hutch agus Kinahan, sa chathair.[3]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Duine de bhuíon coirpeach Kinahan ab ea Byrne. Maraíodh é le teann díoltais faoi mharú Gary Hutch - nia le Gerry Hutch - sa Spáinn cúpla mí roimhe sin.

Bhain an dúnmharú le himreas idir dhronga coireachta Hutch agus Kinahan ar maraíodh timpeall ocht nduine dhéag dá bharr idir 2016-2019.

Príomhalt: Gerry Hutch

An t-ionsaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dúnmharaíodh Byrne nuair a réab daoine in éide garda isteach in óstán an Regency i nDroim Conrach [2] Lámhachadh an coirpeach David Byrne, 33, i bhforsheomra fáiltithe an óstáin. Chaith drong coiriúil, muintir Hutch, é le linn seisiúin meá roimh bhabhta dornálaíochta san Óstán.[4] is ar luas lasrach a tharla gach rud san óstán an lá úd.

Bhí gardaí ar an láthair i bhfoisceacht 5 nóiméad d'am an ionsaithe. Ar dtús, dúirt an grúpa easaontóirí poblachtacha, An tIRA Leanúnach gurb é a bhí freagrach as an ionsaí, rud nach raibh fíor.[5]

Bhí an dream Hutch ag iarraidh Daniel Kinahan a mharú san óstán. Is é Daniel Kinahan ceannaire na buíne coirpeach a bhunaigh a athair Christopher.[6] Ach d'fhág sé an Regency 30 nóiméad roimh an ionsaí.

Imeachtaí cúirte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúisíodh Patrick Hutch, 24 bliain d'aois, maidir le dúnmharú David Byrne sa bhliain 2016.[3] Shéan sé go raibh 3 raidhfil ina sheilbh, a d'úsáideadh san ionsaí.[7][8] Saoradh ó gach cúis é sa bhliain 2019.[9][10][11]

Ar 17 Deireadh Fómhair 2022, sa Chúirt Choiriúil Speisialta, gearradh téarma príosúin cheithre bliana ar Jonathan Dowdall a d'admhaigh gur chuidigh sé le drong Hutch Byrne a dhúnmharú.

Ar 18 Deireadh Fómhair 2022, phléadáil Gerry Hutch, 59, uncail Patrick Hutch agus an fear dá ngairtear "The Monk" - neamhchiontach i ndúnmharú Byrne. Bhí sé á mhaíomh ag an ionchúiseamh go raibh sé ar dhuine de bheirt a bhí gléasta mar Ghardaí Shéan sé nach ndúirt sé le Dowdall go ndearna sé an dúnmharú. Mhaíodh gur bhuail sé le Dowdall i bpáirc i bhFionnbhrú i ndiaidh an mharaithe agus go ndúirt sé leis go raibh sé "ar dhuine den fhoireann" a lámhaigh David Byrne.[12]

Ar 18 Aibreán 2023,, fuarthas neamhchiontach Gerry Hutch i ndúnmharú. Dúirt na breithiúna cé gur thug cuid den fhianaise sa triail le tuiscint go mb'fhéidir gur thug Gerard Hutch a bheannacht don ionsaí lámhaigh, nárbh in le rá go raibh sé féin ar an mball ná páirteach ann go pearsanta.[13]

Fuarthas ciontach Jason Bonney, tógálaí 51 bliain ag an am, agus Paul Murphy, tiománaí tacsaí 61 bliain - gur chuidigh siad le drong Hutch an dúnmharú a dhéanamh nuair a chuir siad gluaisteáin ar fáil do na marfóirí. Bhí Murphy ar dhuine de na daoine a thug an dream a mharaigh Byrne ón láthair go gairid i ndiaidh an ionsaithe.x

An t-ostán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh go leor imeachtaí ar ceal sa Regency trí réalt i ndiaidh dhúnmharú Byrne. Rinne an t-úinéir James McGettigan, iarratas sa chúirt sa bhliain 2016 ar chomhlacht árachais an óstáin Aviva slánaíocht a thabhair t don Regency in éadan caillteanas gnó.[14] Athraíodh an t-ainm sa bhliain 2017, ag éirí an Óstán Bonnington.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Raidió na Gaeltachta (Aib 2023). "Joe Tiernan, Údar agus tráchtaire ar chúrsaí coiriúlachta." (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-04-18.
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2016-02-23). "Dian chuardach mar chuid de fhiosrúchán dúnmharaithe David Byrne" (as ga). 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2016-05-31). "Beirt fhear gafa maidir le dúnmharú David Byrne sa Regency" (as ga). 
  4. Paul Healy (2022-10-19). "CCTV of moment David Byrne was shot dead played in court at Monk murder trial" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2023-04-18.
  5. Nuacht RTÉ (2016-02-08). "Easaontóirí poblachtacha freagrach as ionsaí sa Regency" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2021-04-20). "Barántas gabhála Eorpach eisithe i gcomhair Gerard Hutch" (as ga). 
  7. Nuacht RTÉ (2018-02-22). "Triail Patrick Hutch curtha ar athló" (as ga). 
  8. Paul Reynolds (2018-02-22). "Hutch trial adjourned to allow for garda death inquiry" (as en). 
  9. Nuacht RTÉ (2016-09-06). "Fear os comhair cúirte i mBéal Feirste" (as ga). 
  10. Vivienne Traynor (2019-02-20). "Charges dropped against Regency Hotel murder accused" (as en). 
  11. Nuacht RTÉ (2016-09-14). "Láithreacha cuardaithe ag Gardaí agus ag póilíní ón Spáinn" (as ga). 
  12. Nuacht RTÉ (2022-10-18). "Gerard Hutch ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne" (as ga). 
  13. Nuacht RTÉ (2023-04-17). "Hutch faighte neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne" (as ga). 
  14. Nuacht RTÉ (2016-03-22). "Óstán an Regency i mbaol" (as ga).