An Ghearmáinis Íochtarach
Plattdütsch, Niedersächsisch, Plattdüütsch agus Plattdütsk | |
---|---|
Cineál | fine teangacha, teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 5,000,000 |
Dúchasach do | Espírito Santo, Rio Grande do Sul, an tSacsain Íochtarach, Westphalia, Schleswig-Holstein agus Mecklenburg-Vorpommern |
Stáit | an Ghearmáin agus an Ísiltír |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice Gearmáinic an Iarthair North Sea Germanic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Cóid | |
ISO 639-2 | nds |
ISO 639-3 | nds |
Glottolog | lowg1239 |
Ethnologue | nds |
IETF | nds |
Is téarma é an Ghearmáinis Íochtarach (Gearmáinis Íochtarach: Plattdüütsch nó Nedderdüütsch; Gearmáinis: Plattdeutsch nó Niederdeutsch) a chlúdaíonn bunús na gcanúintí Gearmáinice a labhraítear i dTuaisceart na Gearmáine agus in Oirthear na hÍsiltíre nach cuid iad den Ghearmáinis Chaighdeánach. Is cuid iad na canúintí seo den ghrúpa canúintí céanna ina bhfuil canúintí eile na Gearmáinise, maraon le canúintí na hOllainnise, mar atá canúintí Gearmáinice an Iarthair. Tugtar faoi deara nach canúint na Gearmáinise í an Ghearmáinis Íochtarach, ach teanga ar leith ina bhfuil iliomad canúintí.
Missingsch
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é atá i gceist le Missingsch ná Mischsprache, nó teanga mheasctha, a cruthaíodh trí thimpiste nuair a rinne cainteoirí dúchais na Gearmáinise Íochtaraí iarracht Ard-Ghearmáinis (Hochdeutsch, nó Caighdeán Oifigiúil na Gearmáinise) a labhairt.[1] Ní hionann Missingsch is gnáthchanúintí Ard-Ghearmáinise Thuaisceart na Gearmáine, áfach. Is iad na sainchomharthaí a dhéanann Missingsch a dheighilt ó na canúintí sin ná
- Buanú dhul na Gearmáinise Íochtaraí
- Lomaistriúcháin agus leaganacha cainte ón Ghearmáinis Íochtarach nach dtuigfeadh cainteoir dúchais na hArd-Ghearmáinise
Chun tuiscint níos fearr a fháil ar Mhissingsch, is fiú don Ghaeilgeoir breathnú ar thionchar na Gaeilge ar chanúintí Béarla na hÉireann, nó ar an Bhéarlachas.
Leaganacha Mhissingsch
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bremer Schnack, nó Bremer Snak a labhraítear i mBremen[2]
- Hamburgisch, nó Hamburger Missingsch a labhraítear i mórcheantar Hamburg. Eisíodh greannán Eachtraí Astérix as Hamburgisch darb ainm Hammonia City sa bhliain 2000.[3]
- Kieler Missingsch, canúint Jochen Steffen, a labhraítear in Kiel.
Gramadach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ainmfhocail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mar a léiríonn an tábla thíos, níl ach dhá thuiseal sa Ghearmáinis Íochtarach - rud a chuireann go mór leis an difear idir í agus an Ghearmáinis chaighdeánach, ina bhfuil ceithre thuiseal dochta. Is ionann iad an tuiseal áinsíoch agus an tuiseal tabharthach sa Ghearmáinis Íochtarach, mar sin de, níl ann ach dhá thuiseal: An Tuaiseal Ainmneach, agus an Tuiseal Oibiachtúil.[4]
Firinscneach | Baininscneach | Neodrach | ||||
---|---|---|---|---|---|---|
Uatha | Iolra | Uatha | Iolra | Uatha | Iolra | |
Ainmneach | een Boom, de Boom | Bööm, de Bööm | een Bloom, de Bloom | Blomen, de Blomen | een Land, dat Land | Lannen, de Lannen |
Oibiachtúil | een Boom, den Boom | Bööm, de Bööm | een Bloom, de Bloom | Blomen, de Blomen | een Land, dat Land | Lannen, de Lannen |
Litríocht na Gearmáinise Íochtaraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Creideamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuireadh Gearmáinis Íochtarach ar an Bhíobla Críostaí den chéad uair sa bhliain 1494. Is é an t-ainm a bhí air ná an Lübecker Bibel. Tá leaganacha éagsúla ar fáil sa lá atá inniu ann agus ainmneacha éagsúla orthu, ina measc: De Hillige Schrift, Dat Book, Gott sien Woort agus De Schrift.
Gearrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Keen Tied, keen Tied!. Plattdeutsche Döntjes le Adolf Wohlers
- Platt is nich uncool: Eindeutig-zweideutige plattdeutsche Geschichten le Ina Müller
- Vertell doch mal ! De schöönste Dag: 25 Plattdeutsche Geschichten le Norddeutscher Rundfunk Schleswig-Holstein
Leabhair do Pháistí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Grimms Märchen. Plattdüütsch vertellt. (Fínscéalta Mhuintir Grimm)
Saothair Jochen Steffen, ailias Kuddl Schnööf
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is sraith leabhar é Kuddl Schnööfs noieste achtersinnige Gedankens un Meinungens a scríobh an polaiteoir SPD Jochen Steffen sna 1970í. Baineann Steffen úsáid as na carachtair Kuddl is Natalje Schnööf, atá ina ndugairí,[5] chun aoir shóisialta is pholaitiúil a dhéanamh ar thuairimí an phobail faoi eachtraí móra an lae. Is in Kieler Missingsch (leagan Mhissingsch a labhraítear in Kiel, Schleswig-Holstein) a scríobhadh an tsraith, agus cuireadh fáilte chomh mhór roimhe gur chinn Steffen seó ceabairé, bunaithe ar na carachtair chéanna, a chur le chéile. Níor bheag an fháilte a cuireadh roimh na seónna ach an oiread, agus bronnadh an Deutscher Kleinkunstpreis um Cheabairé ar Steffen sa bhliain 1978.[6]
Greannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá roghnú leabhar Eachtraí Astérix ar fáil sa Ghearmáinis Íochtarach i sraith darb ainm "Astérix snackt Platt!" [7]("Muise, tá Plattdüütsch ag Astérix!"). I measc a bhfuil ar fáil, tá:
- Asterix un de Wikingers (Astérix agus na Lochlannaigh)
- De Törn för nix (Odaisé Astérix)
- Lütt Obelix op grote Fohrt (Turas Mara Obélix)
- Över't wiede Water (Ollturas thar na Tonnta Móra)
Siamsaíocht trí mheán na Gearmáinise Íochtaraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Drámaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sommervagels sünd free (Aistriúchán de Butterflies are Free le Leonard Gershe)[8]
- Romeo un Julia le William Shakespeare[9]
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Ghearmáinis Íochtarach go feiceálach in áiteanna poiblí i dTuaisceart na Gearmáine.
-
Tobar uisce i bhFriedrichstadt, Schleswig-Holstein
-
Mana Bhremen: "Buten un binnen – wagen un winnen" ("Istigh 's Amuigh - an té a leomhann, is aige a bhíonn an bua!")
-
Fógra in Emlichheim (Gearmáinis Íochtarach: Emmelkamp), sa tSacsain Íochtarach
-
School op de Wurth, fógra scoile i nGearmáinis Íochtarach i Wöhrden, Schleswig-Holstein
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ von Polenz, Peter, Deutsche Sprachgeschichte vom Spätmittelalter bis zur Gegenwart, 17. und 18. Jahrhundert (imleabhar a dó, 1994)
- ↑ Dünnbier, Ernst B. Bremer Schnack. Mal unterkühlt, nie heftig, meist geradeheraus, oft deftig, Brockkamp Verlag, 1984
- ↑ "Suíomh idirlín Astérix le gaulois". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-08-23. Dáta rochtana: 2011-05-16.
- ↑ Sick, Bastian, Der Dativ ist dem Genitiv sein Tod
- ↑ Steffen, Jochen, Nu komms du ! Kuddl Schnööfs noie achtersinnige Gedankens un Meinungens (Hoffmann und Campe, 1975)
- ↑ "Suíomh idirlín Unterhaus Mainz". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-06-29. Dáta rochtana: 2011-05-15.
- ↑ Suíomh idirlín Astérix le gaulois
- ↑ Suíomh idirlín an Hamburger English Theatre
- ↑ Suíomh idirlín Renate Wedemeyer, aisteoir agus stiúrthóir a oibríonn trí Ghearmáinis Íochtarach