Jump to content

Gás ceaptha teasa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Feictear anseo trí ghás ceaptha teasa: dé-ocsaíd charbóin, galuisce agus meatán.
Forsáil radantach ar théamh domhanda na linne seo. Ní léirítear acmhainneacht téimh dhomhanda sa todhchaí.

Is iad gáis cheaptha teasa (GCT) ná na gáis atmaisféarach a cheapann teas agus a ardaíonn dá bharr teocht dromchla de réad réalteolaíoch amhail is an Domhain. Murab ionann is gáis eile, súnn na gáis úd fuinneamh ón speictream leictreamaighnéadach a chuireann pláinéad amach arís, tar éis dó a bheith téite ag solas na gréine, agus tarlaíonn mar thoradh iarmhairt cheaptha teasa.[1] Gan gháis cheaptha teasa, bheadh meánteocht dromchla an Domhain tuairim is -18°C,[2] in áit 15°C mar atá inniu ann.[3][4]

Is iad a leanas na cúig ghrád ceaptha teasa is flúirsí in atmaisféar an Domhain, liostaithe in ord in laghdaitheach meán-{{h|mólchodán|mólchodáin]]:[5][6] galuisce, dé-ocsaíd charbóin, meatán, ocsaíd nítriúil agus ózón. I measc gás eile, tá dán áiteanna clórafluaracarbóin (CFC agus HCFC), hidreafluaracarbóin (HFC), fluaracarbóin, SF6 agus NF3. Is é galuisce is cúis le tuairim is leath den iarmhairt ceaptha teasa, ag feidhmiú mar aisfhotha athraithe aeráide.[7]

Bíonn timthriall carbóin nádúrtha ann idir an atmaisféar, éiceachóras, na haigéain agus dríodair. Tá an timthriall seo sách cothrom thar an milliún bliain seo caite,[8] cé go mbíodh fadó leibhéil níos athraithe. The timthriall carbóin takes thousands of years to fully absorb CO2 from the atmosphere,[9][10]

Ó thús na an Réabhlóid Thionsclaíoch (c. 1750), tá an méid dé-ocsaíd charbóin san atmaisféar tar éis méadaithe le níos mó ná 50%,[11] agus an méid meatán le 150%.[12] Tá astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chomh hard is a bhí riamh ag 53.6±5.2 Gt CO2e an bhliain thar 2014–2023 (i dteannta le laghdú i bhfuarú aerasóil.[13]). Mar thoradh, tá téamh domhanda ag méadú le 0.27±0.1°C thar 2015–2024. Is iad astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin, níos airde anois ná riamh le feadh trí mhilliún bliain,[14] is cúis le trí cheathrú den téamh seo, agus astaíochtaí meatáin an chuid is mó den fhuílleach.[15]

Is é de bharr bhreoslaí iontaise á dhó acu is cúis le formhór na dé-ocsaíd charbóin ginte ag daoine daonna,[16] agus talmhaíocht agus tionscal trom leis an bhfuílleach.[17]: 687  Is iad talmhaíocht, táirgeadh bhreosla iontaise, dramhaíl agus foinsí eile is cúis le hastaíochtaí meatáin.[18]

De réir eochairtháscaire 2023, tá ardú teochta, gáis cheaptha teasa agus mí-chomhthrom fuinnimh uile ag níos mó ná mar a bhí riamh.[19] Má leanann sin ar aghaidh mar atá, tarlóidh athrú-2.0°C idir 2040 agus 2070, leibhéal baolach, dar le Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (PIRAA).[20]

  1. ↑ "Climate Change 2021: The Physical Science Basis. Contribution of Working Group I to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change" (2021-08-09): 2215–2256. IPCC / Cambridge University Press. doi:10.1017/9781009157896.022.
  2. ↑ "Science Briefs: Greenhouse Gases: Refining the Role of Carbon Dioxide". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2005-01-12. Dáta rochtana: 2026-09-24.
  3. ↑ "Modern global climate change" (2003). Science 302 (5651): 1719–23. doi:10.1126/science.1090228. PMID 14657489. Bibcode: 2003Sci...302.1719K.
  4. ↑ Le Treut, H., R. Somerville, U. Cubasch, Y. Ding, C. Mauritzen, A. Mokssit, T. Peterson and M. Prather, 2007: "Chapter 1: Historical Overview of Climate Change". In: "Climate Change 2007: The Physical Science Basis. Contribution of Working Group I to the Fourth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change". [Solomon, S., D. Qin, M. Manning, Z. Chen, M. Marquis, K.B. Averyt, M. Tignor and H.L. Miller (eds.)]. Cambridge University Press, Cambridge, United Kingdom and New York, NY, USA.
  5. ↑ "Atmospheric Concentration of Greenhouse Gases". U.S. Environmental Protection Agency (2016-08-01). Dáta rochtana: 6 Meán Fómhair 2021.
  6. ↑ "Inside the Earth's invisible blanket.". sequestration.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 Iúil 2020. Dáta rochtana: 5 Márta 2021.
  7. ↑ Schmidt, Gavin (2010-10-01). "Taking the Measure of the Greenhouse Effect". NASA Goddard Institute for Space Studies – Science Briefs.
  8. ↑ "Climate Change Indicators: Atmospheric Concentrations of Greenhouse Gases". epa.gov. U.S. Environmental Protection Agency (27 Meitheamh 2016). Dáta rochtana: 20 Meitheamh 2024.
  9. ↑ "Climate Change Indicators: Greenhouse Gases". U.S. Environmental Protection Agency (16 Nollaig 2015).
  10. ↑ "Understanding methane emissions". International Energy Agency.
  11. ↑ "Carbon dioxide now more than 50% higher than pre-industrial levels". National Oceanic and Atmospheric Administration (3 June 2022). Dáta rochtana: 30 Lúnasa 2022.
  12. ↑ "Understanding methane emissions". International Energy Agency.
  13. ↑ "Indicators of Global Climate Change 2024: annual update of key indicators of the state of the climate system and human influence" (2025). Journal Earth System Science Data 17 (6): 2641–2680. doi:10.5194/essd-17-2641-2025. Bibcode: 2025ESSD...17.2641F.
  14. ↑ Lindsey, Rebecca. "Climate Change: Atmospheric Carbon Dioxide". climate.gov. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2013-06-24. Dáta rochtana: 2020-03-02.
  15. ↑ "Global Greenhouse Gas Emissions Data". U. S. Environmental Protection Agency (12 Eanáir 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Feabhra 2020. Dáta rochtana: 24 Meán Fómhair 2026.
  16. ↑ "Global Greenhouse Gas Emissions Data". U.S. Environmental Protection Agency (12 Eanáir 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 18 Feabhra 2020. Dáta rochtana: 24 Meán Fómhair 2026.
  17. ↑ Canadell, J.G., P.M.S. Monteiro, M.H. Costa, L. Cotrim da Cunha, P.M. Cox, A.V. Eliseev, S. Henson, M. Ishii, S. Jaccard, C. Koven, A. Lohila, P.K. Patra, S. Piao, J. Rogelj, S. Syampungani, S. Zaehle, and K. Zickfeld, 2021: Chapter 5: Global Carbon and other Biogeochemical Cycles and Feedbacks. In Climate Change 2021: The Physical Science Basis. Contribution of Working Group I to the Sixth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change [Masson-Delmotte, V., P. Zhai, A. Pirani, S.L. Connors, C. Péan, S. Berger, N. Caud, Y. Chen, L. Goldfarb, M.I. Gomis, M. Huang, K. Leitzell, E. Lonnoy, J.B.R. Matthews, T.K. Maycock, T. Waterfield, O. Yelekçi, R. Yu, and B. Zhou (eds.)]. Cambridge University Press, Cambridge, United Kingdom and New York, NY, USA, pp. 673–816, doi:10.1017/9781009157896.007.
  18. ↑ "Global Methane Tracker 2023".
  19. ↑ "Indicators of Global Climate Change 2023: annual update of key indicators of the state of the climate system and human influence" (as en) (2024-06-05). Earth System Science Data 16 (6): 2625–2658. doi:10.5194/essd-16-2625-2024. ISSN 1866-3516. Bibcode: 2024ESSD...16.2625F.
  20. ↑ "Analysis: When might the world exceed 1.5C and 2C of global warming?". Carbon Brief (2020-12-04). Dáta rochtana: 2021-06-17.