Fíachu Finnolach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFíachu Finnolach
Ardrí na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteTúathal Techtmar Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFeradach Finnfechtnach

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Fiacha Fionnfholaidh (Sean-Ghaeilge Fíachu Finnolach,[1] mac Feradach Finnfechtnach.

Tháinig sé i réim tar éis dó an t-iar-ard-rí, Fíatach Finn, a mharú. Bhí sé i réim ar feadh cúig déag, seacht déag nó seacht mbliana is fiche ag brath ar fhoinse. Maraíodh é, i dteannta le saorfhir na hÉireann, i n-éirí amach na n-aitheach[2] tuatha. De réir an Leabhar Gabhála agus na gCeithre Máistrí, bhí Elim mac Conrach i gceannas ar an éirí amach; de réir Seathrúin Chéitinne, ba é Cairbre Cinnchait. D'éalaigh a bhean chéile Eithne, iníon rí na hAlban, agus í torrach ar ais go hAlbain. Thug sí mac Fhiacha, Túathal Techtmar, ar an saol ann. D'fhillfeadh sé i ndeireadh na dála ar ais go hÉirinn chun an choróin a éileamh.

Achar ama[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tá aithne air mar Fíachu Findoilches chomh maith, ainm Ard-Rí níos luaite.
  2. aitheach ar teanglann.ie FGB
  3. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 307
  4. Foras Feasa ar Éirinn 1.38
  5. Annála na gCeithre Máistrí M39 - 56


Réamhtheachtaí
Fíatach Finn
Ard Rí na hÉireann
LGÉ 1d aois AD
FFE AD 28–55
ACM AD 39–56
Comharba
LGÉ/ACM Elim mac Conrach
FFE Cairbre Cinnchait