Francofonia (2015)
Buneolas | |
---|---|
Stiúrthóir | Alexander Sokurov ![]() |
Príomhcharachtair | |
Script | Alexander Sokurov ![]() |
Grianghrafadóireacht | Bruno Delbonnel ![]() |
Dáileoir | Vertigo Média ![]() |
Mionsonraí | |
Tír bhunaidh | an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ísiltír ![]() |
Céadléiriú | 2015 ![]() |
Fad ama | 90 min ![]() |
Bunteanga | an Fhraincis ![]() |
Dath | daite ![]() |
Cur síos | |
Seánra | scannán drámaíochta agus scannán faisnéiseach ![]() |
Suíomh scéalaíochta | an Fhrainc ![]() |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |

Sa scannán ilghnéitheach Francofonia (2015), tugtar léargas ar stair an Louvre ó aimsir na hAthbheochana go dtí an lá atá inniu ann. Forghabháil na Naitsithe ar chathair Pháras i 1940 agus mar a tháinig seoda an Louvre slán atá mar chroílár an scannáin seo.[1]
Scéal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Feicimid Marianne, siombail Phoblacht na Fraince, agus Napoleon ina steillbheatha agus iad ag siúl na bpasáistí ag plé na saothar áille ealaíne atá i gcoimeád sa dánlann iomráiteach seo.[1]

Faoin am a tháinig an Cunta Franz Wolff-Metternich go dtí an iarsmalann, bhí an chuid is mó de na saothair ealaíne imithe agus curtha i dtaisce in áiteanna difriúla ar fud na tíre. Bhí sé de dhualgas airsean tuairisc na bpictiúr a chur agus cuntas a choinneáil ar an méid a bhí fágtha. Iarrann an Gearmánach borb, éilitheach comhoibriú iomlán ó stiúrthóir an mhúsaeim, Jacques Jaujard, fear stuama, cúirtéiseach, atá ar dhuine den bheagán státseirbhíseach atá fós fágtha i gcathair Pháras.[1]
Léiriú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stiúir Alexander Sokurov an scannán sa bhliain 2015.
Bronnadh dhá ghradam ar an scannán seo ag Féile Scannán na Veinéise, 2015.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Super User. "Francofonia" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2021-07-18.
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |