Marianne (an Fhrainc)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarMarianne

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpearsantú náisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Marianne ar roinnt de bhoinn airgid euro na tíre.

Is í Marianne siombail na Poblachta Francaí. Feictear í ar stampaí La Poste agus ar roinnt de bhoinn airgid euro na tíre. Is í an Marianne agus í mar chuid de bhratach na Fraince lógó an rialtais.[1] Is bean óg í Marianne atá ag iarraidh an pobal a mhúscailt le cur in aghaidh an chos ar bolg. Seasann an bhean leis an ngnáthdhuine. Tugann sí cosaint agus cothú dó.

Mná gléasta suas mar Mharianne, 2013

Inniu is í Marianne an pearsantú féin den Phoblacht. Ach ar na siombailí éagsúla lena samhlaítear an Fhrainc, tá Jeanne d'Arc go hard ar an liosta. Ach tá sí ag baint leis an monarcacht Fhrancach, nó daoine atá i bhfad amach ar an eite dheis.

'La liberté guidant le peuple’ le Eugène Delacroix, 1830

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is tar éis na réabhlóide in 1789, nuair nach raibh fáilte a thuilleadh roimh rud ar bith a bhain leis an monarcacht ná leis an eaglais, gur tosaíodh ar an Marianne a úsáid chun luachanna an náisiúin - ‘liberté, égalité, fraternité’ - a léiriú. Bhí an dá íomhá den Marianne ann:

  • an banlaoch óg misniúil a shamhlaítear leis an réabhlóid agus a fheictear sa saothar ealaíne ‘La liberté guidant le peuple’ (Eugène Delacroix, 1830); nó
  • an bhean atá níos staidéartha a bhíonn ar taispeáint i dtithe cúirte agus i hallaí cathrach na tíre a léiríonn ciall agus ceart.[1]
Laetitia Casta, 2011

Inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an nós tar éis fás sa Fhrainc le roinnt blianta anuas bean a roghnú ón phobal agus a haghaidh a úsáid mar mhúnla chun Marianne a linne a shamhlú. Ina measc siúd a roghnaíodh roimhe seo le bheith ina Marianne, bhí leithéidí Brigitte Bardot (1968) agus Catherine Deneuve (1985).

In 2000, ba í Laetitia Casta, mainicín agus aisteoir, a roghnaíodh ina Marianne don mhílaois nua. Ach d’fhág sí an Fhrainc go luath ina dhiaidh sin agus chuaigh sí chun cur fúithi i Londain, ar chúiseanna a bhain le cúrsaí cánach a dúradh ag an am. Níorbh fhada gur roghnaíodh bean eile ina háit.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 P.J. Mac Gabhann (2009). "Mná na Fraince" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2021-07-03.