Fiobróis chisteach
Galar géiniteach ina dtarlaíonn táil múcais shlaodaigh ramhair i gcuid mhaith codanna den cholainn. Iompraíonn 4% den chine geal an ghéin chuici, agus faigheann páiste an galar má fhaigheann sé an ghéin ón mbeirt tuismitheoirí. Cuireann an múcas slaodach isteach ar na córais riospráide is díleáite. Bailíonn sé sna haerphasáistí, atann siad sin agus faigheann ionfhabhtú arís is arís eile. Cuireann sé bac ar na duchtanna sa phaincréas, agus mar sin ar tháil an phaincréis isteach sna stéigeanna, atá riachtanach don díleá. Cabhraíonn fisiteiripe laethúil le bailiú an mhúcais sna haerphasáistí a laghdú, agus tá forlíonta béil ar fáil chun tógáil in ionad na n-einsímí paincréasacha. Mar sin féin, fiú leis na córacha leighis seo, faigheann daoine leis an ngalar bás roimh am.
Fiobróis chisteach - Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá forleithne an ghalair níos airde i bPoblacht na hÉireann ná aon tír eile: 2.98 cásanna i ndaonra 10,000, i gcomparáid an mheáin Aontas Eorpach, 0.797 cásanna i ndaonra 10,000[1].[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Philip M. Farrell (2008-09-01). "The prevalence of cystic fibrosis in the European Union" (as en). Journal of Cystic Fibrosis 7 (5): 450–453. doi: . ISSN 1569-1993.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fiobróis chisteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 269.
Nasc Sheacracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |