Fiobróis chisteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Galar géiniteach ina dtarlaíonn táil múcais shlaodaigh ramhair i gcuid mhaith codanna den cholainn. Iompraíonn 4% den chine geal an ghéin chuici, agus faigheann páiste an galar má fhaigheann sé an ghéin ón mbeirt tuismitheoirí. Cuireann an múcas slaodach isteach ar na córais riospráide is díleáite. Bailíonn sé sna haerphasáistí, atann siad sin agus faigheann ionfhabhtú arís is arís eile. Cuireann sé bac ar na duchtanna sa phaincréas, agus mar sin ar tháil an phaincréis isteach sna stéigeanna, atá riachtanach don díleá. Cabhraíonn fisiteiripe laethúil le bailiú an mhúcais sna haerphasáistí a laghdú, agus tá forlíonta béil ar fáil chun tógáil in ionad na n-einsímí paincréasacha. Mar sin féin, fiú leis na córacha leighis seo, faigheann daoine leis an ngalar bás roimh am.