Fiabhras sutsugamúisí
Cineál | tíofas |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | primary affect (en) , tinneas cinn, crithfhuacht, fiabhras, liomfadanapaite, toinníteas, easuan, artrailge, scornach nimhneach, gríos, macula (en) , papule (en) , bradacairde, taicéacairde, fotheannas agus casacht |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil agus micreascópacht imdhíonfhluaraiseachta |
Cógais | |
Pataigineas | |
Suíomh | craiceann, faireog limfe, endothelium (en) agus lárchóras na néaróg |
Tarchur pataigineach | tick borne transmission (en) |
Cúis | Orientia tsutsugamushi |
Aicmiú | |
ICD-10 | A75.3 |
ICD-9 | 081.2 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 31715 |
eMedicine | 971797 |
MeSH | D012612 |
Orphanet | 83317 |
UMLS CUI | C0036472 |
DOID | DOID:13371 |
Galar ionfhabhtaíoch a tharlaíonn, cosúil le tífeas, de bharr ionfhabhtaithe le baictéar den chlann rikettsia. Faigheann daoine é trí ghreamanna fíneog a mhaireann sa talamh ach atá in ann daoine a ghalrú. Aithníodh an galar den chéad uair i Honshu na Seapáine, ach tarlaíonn sé freisin in oirdheisceart na hÁise, an Indinéis, an India is Neipeal. Claonadh aige cur isteach ar dhaoine a shiúlann i réigiúin shléibhtiúla is fhoraoisithe, gnáthóga nádúrtha na fíneoige, in aimsir bhog sa bhfómhar nó go luath san earrach, mar a mbíonn na fíneoga an-ghníomhach. Tagann at dearg ag ionad an ghreama, agus leanann tinneas cinn, tuirse is fiabhras ard. Ina dhiaidh sin tagann othras ag an ionad sin agus déanann gearb shainiúil dhubh. Muna bhfaightear cóireáil le frithbheathaigh, féadfaidh aimhréidh i ndiaidh aimhréidhe tarlú: niúmóine, heipitíteas, agus rith fola ceirbreach. Is minic a fhaigheann duine bás leis.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fiabhras sutsugamúisí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 265.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |