Fergus mac Colmáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFergus mac Colmáin
Beathaisnéis
Bás618
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairColmán Már

Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, géag d'Uí Néill an Deiscirt ba ea Fearghas Mac Colmáin (Sean-Ghaeilge Fergus mac Colmáin) (bás 618). Colmán Már mac Diarmato (bás 555/558) ba ea a athair, agus Suibhne (barr 600) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 600 go dtí 618.[2]

Bhí an t-achrann idir Clann Cholmáin agus Síol Aodha Sláine fís ar siúl le linn a réimis, ach ní fheictear Fearghas ar an bhfód sna hannála. Sa bhliain 604, chloígh a nia, Conall Guthbhinn mac Suibne (bás 635) an tArdrí Aodh Sláine mac Diarmada (bás 604) i gcath ag Faiche mhic Meannáin (Faithche Mic Mencnain), ar bhruach Loch Seimhdí (Contae na hIarmhí), inar maraíodh an Ardrí.[3][4] Bhuaigh a chol ceathrar, Aonghas mac Colmáin Bhig (bás 621) ag Cath Odba sa bhliain 612, inar maraíodh Conall Laogh Bhreá mac Aodha Sláine.[5][6]

Sa bhliain 618, maraíodh Fearghas féin ag Anfartach ua Mescáin de Mhuintir Blaitíne (lonnaithe gar de Cuaille, Contae Lú).[7][8] Is amhlaidh gurbh fhala pearsanta é seo.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Dublin: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Charles-Edwards, Aguisín 3
  2. Tugtar réimeas 6-7 bliain dó sa Leabhar Laighneach agusSioncronachtaí Laud
  3. Annála Uladh, AU 604.2
  4. Annála Tiarnaigh, AT 602.2
  5. AU 612.2
  6. AT 610.2
  7. AU 618.2
  8. AT 617.7
  9. Mac Niocaill, lch. 91