Jump to content

Fógartach mac Cumascaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFógartach mac Cumascaigh
Beathaisnéis
Bás786
Ríthe Bhreá
Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteCumascach mac Fógartaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Fógartach mac Cumascaigh (Sean-Ghaeilge Fogartach mac Cummascaig) (bás 786). Fógartach mac Néill (bás 724), ardrí, ba ea a sheanathair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 785 go dtí 786.

Bhí Fógartach ar an bhfód ag Cath na Rig sa bhliain 781 idir Síol Aodha Sláine agus Uí Garrchon na Laigean. Throid ann fosta a chol ceathrar, Maol Dúin mac Fearghasa (bás 785), rí Loch Gabhair ag an am.[2] Ba rud suntasach é gur throid le chéile an dá chlann, Uí Chearnaigh agus Uí Chonaing.

Sa bhliain 786, maraíodh Febordaith, abb Thuiléin, is aghaidh ag Síol Aodha Sláine.[3] Bhain an tArdrí, Donnchadh na Mí (bás 797), díoltas as an dúnmharú seo, ag cloí arm Shíol Aodha Sláine, Uí Chearnaigh agus Uí Chonaing dís, ag Cath Lia Finn. Maraíodh Fógartach i dteannta lena mhuintir.[4]

Tugtar an teideal rí Loch Gabhair ar Fhógartach ina thásc sna hannála. Rinneadh rí Dheisceart Bhreá fosta dá mhac, Cumascach (bás 797).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II; Mac Niocaill, pg.141
  2. Annála Uladh, AU 781.4
  3. AU 786.5
  4. AU 786.6