Fáith

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Feach freisin: Fáidh

Is é fáith an leagan Sean-Ghaeilge le haghaidh fáithe agus fealsúna Ceilteacha ársa. Úsáidtear an focal vates as Béarla agus Géarmánis mar téarma teicniciúil dóibh siúd, fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltis *wātis.[1]

Sanasaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an téarma atá á phlé anseo, fáith, ná an focal Prótai-Ceiltise *wātis, aitheanta ón Gréigis, Laidin agus dteangacha Ceilteacha níos deireanaí. Forbraíodh an focal *wātis diaidh ar ndiaidh go fáith as Meán-Ghaeilge, fáidh a Nua Ghaeilge. Is gaol é go hindíreach leis an bhfocal Breatnaise, gwawd, adhmholadh.[1][2]

Ba ghaol é an focal Laidine vates leis an gCeiltis,[3][4] sin nó iasacht Ceiltise.[1]

Cé gur tógadh ar iasacht an focal ó Laidin go Béarla, úsáidtear é de gnáth sa teanga úd le taobh fáithe Ceilteach seachas Rómhánach.) Creidtear go forleathan go bhuil gaoil ag *wātis i dteangacha Gearmánacha eile, san áireamh an focal Gotaise wods, 'seilbh'.[4]

Dá mba ghaoil seachas iasachtaí iad *wātis as Ceiltis, vates as Laidin, agus focail mar an gcéanna as teangacha Gearmánacha eile, b'fhéidir é mar sin go raibh siad fréamhaithe ón bhfocal Ind-Eorpaise *(H)ueh₂t-i- "fáidh".[4]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Róimh ársa[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'úsáideadh na scríbhneoirí is luaithe na Laidine an focal vates chun fáithe agus daoine feasa a chur in iúl. Ligeadh an focal i léig go dtí gur athmhúscail Virgil é.[5] Dúirt Ovid gur vates as Eros (Amores 3.9) an ea é.

Sa Róimh págánach, bhíodh na vates ina gcónaí ar Chnoc na Vatacáine.[6] Nuair a tháinig an pápacht ar ais go dtí an Róimh ó Avignon sa 14ú haois, bhí cónaí ar an bPápa sa Vatican as sin amach.[7]

Sibhialtacht na gCeilteach[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir údair na Gréige Ársa, Strabo, Diodorus Siculus,[8] agus Poseidonius, ar cheann de thrí aicme na sagartachta Ceiltí ab ea na vates (Gréigis οὐάτεις) priest, agus an dá eile ná na draoithe agus na baird. Ba fáithe iad na vates, agus dheineadh siad íobairtí (ach go háirithe íobairtí daonna) faoi údarás draoi, de réir léirmhínithe Rómhánach agus Chríostaí.

San lá inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na Vates (nó Ovates) ar cheann de na trí ghrád den Order of Bards, Ovates and Druids, ord nua-Dhraíochta lonnaithe i Sasana.

Is é ovate an chéad ghrád sa Gorsedd na mBard nua-aimseartha sa Bhreatain Bheag. Ní cumann nua-Dhraíochta é an Gorsedd, ach tá béim aige ar chultúr agus ealaíon na Breataine Bige. Tá a gcuid gnás agus cleachtas bunaithe ar athshamhluithe na Draíochta le hIolo Morganwg.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 Bernhard Maier, Lexikon der keltischen Religion und Kultur, Stuttgart: Kröner, 1994, s.v. vates.
  2. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named :1
  3. Arnaud Fournet, 'About the Ethnolinguistics of Gaulish People: The Case for a Kartic Substrate', The Macro-Comparative Journal, 2.1 (2011), 1-15 (lch. 8).
  4. 4.0 4.1 4.2 Michiel de Vaan, Etymological Dictionary of Latin and the Other Italic Languages, Leiden Indo-European Etymological Dictionary Series, 7 (Leiden: Brill, 2008), lch. 656, s.v. vātēs, -is.
  5. Vates
  6. Compendious Description of the Museums of Ancient Sculpture, Greek and Roman, in the Vatican Palace, le Cav. H. J. Massi, Rome, 3ú Eagrán, 1889, lch 7.
  7. Lo Bello, Nino (1998). "Incredible Book of Vatican Facts and Papal Curiosities". Liguori Publications. 
  8. Ovates or Vates: The Shamans