Eodacsas as Cniodas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Réalteolaí is matamaiticeoir Gréagach ab ea Eodacsas as Cniodas (c 408-c 355 RC). Áireamh fhad na bliana grianda leagtha air. Chuir sé leis an ngeoiméadracht Eoiclídéach freisin. Mac léinn de chuid Phlatón a bhí ann. Tá a chuid saothar ar fad caillte anois, cé go bhfuil míreanna de caomhnaithe i ngluais Hipparcos ar dán de chuid Aratos faoin réalteolaíocht.[1] Is féidir go bhfuil príomhshaothar de chuid Theodóisios Bhitinia, Sféiric, bunaithe ar shaothar a scríobh Eodacsas.

Saol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Is é "onórtha" nó "a bhfuil dea-ainm air" an chiall atá lena ainm (Sean-Ghréigis: εὔδοξος, as eu "dea-" agus doxa "tuairim, creideamh, cáil"). Tá sé inchurtha leis an ainm úd sa Laidin Benedictus.

Bhaineadh athair Eodocsas, Aeschines as Cniodas, taitneamh as a bheith ag breathnú ar na réaltaí san oíche. Agus é ina óigfhear, thug Eodocsas aghaidh ar Taranto, san Iodáil chun staidéar a dhéanamh faoi Archytas agus d'fhoghlaim sé an mhatamaitic uaidh. Thug sé cuairt ar an tSicil freisin, mar a ndearna sé staidéar ar an leigheas faoi Philistion.

Thart ar 387 RC, in aois a 23 bliana, thaistil sé leis an lia Theomedon, a cheap roinnt daoine a bheith ina leannán aige dar le Diogenes Laërtius,[2] go dtí an Aithin chun staidéar a dhéanamh le lucht leanúna Socraitéas. Sa deireadh d'fhreastail sé ar léachtaí Phlatón agus fealsaimh eile ar feadh roinnt míonna. Tar éis tamaill, áfach d'éirigh idir Eodocsas agus Theomedon. D'fhág sin Eodocsas ar an mblár folamh.

Tagairtí[athraigh | athraigh vicithéacs]

  1. Lasserre, François (1966) Die Fragmente des Eudoxos von Knidos (de Gruyter: Berlin)
  2. Diogenes Laertius; VIII.87