Eochaid mac Muiredaig Muinderg
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 509 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Dál Fiatach |
Páiste | Domangart |
Athair | Muiredach Muinderg |
Siblín | Cairell mac Muiredaig Muinderg |
Rí na nUladh ba ea Eochaidh mac Muireadaigh (Sean-Ghaeilge Eochaid mac Muiredaig) den Dál Fiatach. Muiredach Muinderg ab ea athair.[1][2][3]
Tugtar bliain a bháis mar 509 sna hAnnála Tiarnaigh.[4] Tugtar dó sna hannála úd réimse 20 bliain, 489–509. De réir an Leabhair Laighnigh, bhí réimse 22 bliain aige, agus 23 bhliain de réir na Sioncronachtaí Laud.
I ndiaidh léirscrios Eamhain Mhacha, tar éis na bliana 450, tháinig an Dál Fiatach i gceannas ar athbheochan na nUlad, agus a athair Muireadach ar an chéad rí stairiúil.[5] Is amhlaidh go raibh an ríchathaoir i nOchtar Cuillche, Collon, taobh ó dheas de Bhaile Átha Fhirdhia, Contae Lú. Deirtear gur roinn a shleachta a n-oidhreacht anseo sa luath-6ú haois.[6] Sa bhliain 496/498, faightear sna hannála an ruathair déanta ar Dhún Leathglaise (Dún Pádraig, Contae an Dúin), arbh fhéidir bheith ina fhianaise de theacht i gceannas an Dáil Fhiataigh.[7]
Tá scéal ann sa Bheatha Trípháirteach Naoimh Phádraig gur chuir Naomh Pádraig mallacht ar mhuintir a dhearthár, Eochaidh, agus gur thug sé a bheannacht ar mhuintir Chairill, óir gur thug Eochaidh ord go mbáitear beirt mhaighdean arbh mhaith leo freastal ar Dhia. Chaith bean chéile Eochada í féin agus í torrach os comhair Pádraig, agus baisteadh í chun a mac sa bhroinn a shábháil ar an mallacht.[8] Is fíor gur ghlac muintir Chairill an ríogacht chucu féin.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- CELT
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Dáibhí Ó Cróinín (2005), A New History of Ireland, Imleabhar 1, Oxford: Oxford University Press
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Byrne, Tábla 6
- ↑ Charles-Edwards, Aguisín XXI
- ↑ Mac Niocaill, lch. 74
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 509.3
- ↑ Mac Niocaill, lch. 73
- ↑ Ó Cróinín, lch. 219
- ↑ Ó Cróinín, lch. 214
- ↑ The Most Ancient Lives of Saint Patrick, eagraithe ag James O'Leary