Enver Hoxha
Deachtóir na hAlbáine ba ea Enver Halil Hoxha idir 1944-1985 (16 Deireadh Fómhair 1908 – 11 Aibreán 1985). Bhí sé ina dheachtóir ar an Albáin ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda go dtí lá a bháis in 1985.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir na Cumannaigh in aghaidh na Naitsithe, agus bhí Enver Hoxha i mbun na frithbheartaíochta. Shaor siad an tír sa bhliain 1994. Rinneadh stát Stailíneach den tír ina dhiaidh sin.
Bhí na hAlbánaidh breis is daichead bliain fé dhaorsmacht an deachtóra Enver Hoxha, ceannaire a d’imir an lámh láidir ar gach mac máthar acu.[1] Bhí Hoxha mar Ard-Rúnaí ar an PPSH, Páirtí Oibre na hAlbáine, páirtí cumannach agus an t-aon pháirtí dlíthiúil a bhí sa tír.
Bhí an Albáin ar cheann de na tíortha cumannacha ba mheasa as ó thaobh easpa saoirse an duine de réir tuairiscí. Meastar gur cuireadh suas le fiche a cúig míle duine chun báis go héagórach le linn réimeas Hoxha. Chun an tír a chosaint ó ionradh, thóg an rialtas 750,000 buncar, creid nó ná creid agus atá le feiceáil fós timpeall na tíre.[2]
Nuair a cailleadh an deachtóir úd i 1985, thapaigh Páirtí Daonlathach an deis ‘daonlathas’ a thriail tráth go raibh tíortha eile sa réigiún ag briseadh slabhraí an Chumannachais. Tháinig sé i gcumhacht sa bhliain 1992.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Seosaimhín Ní Bheaglaoich (7 Samhain 2023). "TUAIRISC ÓN ALBÁIN: Tá a ndóthain de chruatan an tsaoil fulaingthe ag na hAlbánaigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-11-07.
- ↑ "Bunkers in Albania" (as en) (2023-11-01). Wikipedia.
Is síol na staire é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |