Ellen Hutchins
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 17 Márta 1785 Béal Átha Leice |
Bás | 9 Feabhra 1815 29 bliana d'aois Contae Chorcaí |
Áit adhlactha | Beanntraí |
Gníomhaíocht | |
Gairm | maisitheoir luibheolaíochta, léiceaneolaí, bailitheoir eolaíochta, maisitheoir eolaíochta, fíceolaí, luibheolaí, comhfhreagraí, bailitheoir luibheolaíochta |
Spéis aige/aici i | Éabhláthach |
Ealaíontóirí gaolmhara | Dawson Turner |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Suíomh gréasáin | ellenhutchins.com |
Luibheolaí a rugadh i mBéal Átha Leice, Co. Chorcaí, ab ea Ellen Hutchins (1785 – 9 Feabhra 1815). Tógadh í ar eastát beag a bhí ag a muintir i mBéal Átha Leice ag ceann Bhá Bheanntraí. Rinne sí staidéar cuimsitheach allamuigh in iarthar Chorcaí ar raithneacha, caonaigh, léicin agus fungais, le líníochtaí cruinne ar na speicis. D'fhoilsigh sí a chuid fionnachtana i mBritish Confervae le Lewis Weston Dillwyn (Algaí Glasa na Breataine, 1809), agus i Fuci… le Dawson Turner, William Jackson Hooker is Joseph Banks (Feamainn…, 1802-1818). Ainmníodh 3 alga aisti.[1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ellen Hutchins". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 355.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |